
Is mian le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge eolas a thabhairt faoi Uaireanta Oscailte a gcuid oifigí agus áiseanna poiblí le linn tréimhse Nollaig 2024.
Rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí (CSD) agus an Oifig Mótarchánach:
Ar an Luan, 23 Nollaig, dúnfaidh an Rannóg Seirbhísí do Chustaiméirí agus an Oifig Mótarchánach don phobal ag 1.00pm. Beidh glaochanna gutháin á fhreagairt go dtí 3.00pm agus ina dhiaidh sin aistreofar gach glao chuig uimhir seirbhísí lasmuigh de ghnáthuaireanta de chuid na Comhairle.
Athosclófar na hoifigí poiblí ar an Luan, 30 Nollaig óna 9.30am go dtí 4.00pm agus freagrófar na gutháin ó 9.00am go dtí 5.00pm.
Dúnfar oifigí ar a 1.00i.n ar an Máirt, 31 Nollaig. Beidh glaochanna gutháin á fhreagairt go dtí 2.00pm agus ina dhiaidh sin aistreofar gach glao chuig uimhir seirbhísí lasmuigh de ghnáthuaireanta de chuid na Comhairle.
Beidh na hoifigí poiblí dúnta ar Lá Caille agus osclóidh siad arís ar a 9.30am ar an Déardaoin, 2 Eanáir 2025, agus oibreoidh siad gnáthuaireanta oscailte ina dhiaidh sin.
Leabharlanna:
Dúnfar brainsí uile Leabharlann Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag 1.00pm ar an Luan, 23 Nollaig (freagrófar na gutháin suas go dtí 3pm) agus athosclófar iad ar an Luan, 30 Nollaig. Beidh gach brainse ag feidhmiú óna 10.00am go dtí 5.00pm, mura mbíonn siad dúnta de ghnáth ar an lá áirithe úd.
Ar an Máirt, 31 Nollaig, feidhmeoidh gach brainse ó 10.00am go dtí 1.00pm, le glaochanna gutháin á fhreagairt go dtí 3.00pm, mura mbíonn siad dúnta de ghnáth ar an lá áirithe úd.
Beidh gach acmhainn ar líne ar fáil d’úsáideoirí na Leabharlainne le linn thréimhse na Nollag agus athosclóidh gach brainse mar is gnáth ar an Déardaoin, an 2 Eanáir 2025.
Ionaid Fóntais Phoiblí Phort Láirge:
Dúnfar Ionad Fóntais Poiblí Chill Barra ar a 4.00pm ar an Luan, 23 Nollaig. Osclófar an suíomh arís ar an 30 agus 31 Nollaig óna 11.00am go dtí 4.00pm.
Dúnfar an tIonad do Lá Caille agus athosclófar é mar is gnáth Déardaoin, 2 Eanáir 2025.
Dúnfar Ionad Fóntais Poiblí Dhún Garbhán ag 4pm ar an Luan, 23 Nollaig. Athosclófar an tIonad ar an 28 Nollaig (9am – 12:30); an 30 Nollaig (8.30am – 1pm & 1.30pm – 4pm) agus an 31 Nollaig (8.30am – 1pm & 1.30pm – 4pm).
Dúnfar an tIonad Lá Caille agus athosclófar é mar is gnáth ar an Déardaoin, 2 Eanáir 2025.
Glacfar le Crainn Nollag Nádúrtha le haghaidh athchúrsála Saor in Aisce ag láithreáin Chill Barra agus Dhún Garbhán araon go dtí an 13 Eanáir, 2025.
Tearmann Madraí Chathair agus Chontae Phort Láirge (trí choinne amháin):
Dúnfaidh Tearmann Madraí Chathair agus Chontae Phort Láirge, Carraig na bhFraochán, ag a 1pm ar an Luan, 23 Nollaig.
Athosclófar an Tearmann Madraí ar an 28 Nollaig (11.00am – 1pm & 2pm – 4pm) agus ar an 30 agus 31 Nollaig óna 11.00am go dtí 1pm.
Dúnfar an tsaoráid do Lá Caille agus athosclófar í mar is gnáth Déardaoin, 2 Eanáir, 2025.
Oifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge (LEO)
Ar an Luan, 23 Nollaig, dúnfaidh Oifig Fiontair Áitiúil Phort Láirge don phobal ag 3.00pm.
Beidh Oifigí LEO Phort Láirge dúnta ar an Luan, 30 Nollaig agus ar an Máirt, 31 Nollaig, ach beidh glaochanna gutháin á fhreagairt óna 9.30am go dtí 4.30pm.
Athosclóidh LEO Phort Láirge ar a 9.30am ar an Déardaoin, 2 Eanáir, 2025 agus beidh gnáth uaireanta oscailte i bhfeidhm ina dhiaidh san.
Oifigí Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean:
Na Comhairle Seirbhísi gan Dídean dúnfar na hoifigí ag 4pm ar an Luan an 23ú Nollaig. Fanfaidh siad dúnta ar an 24, 25, 26 & 27 Nollaig. Athosclóidh na hoifigí ar an 30 & 31 Nollaig. Dúnfar na hoifigí ar 1 Eanáir 2025 do Lá Caille. Osclóidh Oifigí Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean arís ar an Déardaoin, 2 Eanáir 2025, agus oibreoidh siad gnáthuaireanta oscoilte ina dhiaidh sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Uaireanta Oscailte na Nollag de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, féach ar https://waterfordcouncil.ie/ nó glaoigh ar 0818 10 20 20.