Plean Corparáideach Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge – Comhairliúchán Poiblí ar Líne ar oscailt anois
Tugtar cuireadh don phobal a gcuid tuairimí a chur isteach ar Phlean Corparáideach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 2024-2029.
Feidhmíonn an Plean Corparáideach mar chreat straitéiseach gníomhaíochta an údaráis áitiúil thar thréimhse na comhairle reatha ó 2024 go 2029. Is cuid lárnach de ghnó an údaráis áitiúil é agus leagann sé amach fís agus ráiteas misin Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, atá bunaithe ar chroíluachanna na heagraíochta.
Is é an Plean Corparáideach an straitéis uileghabhálach don eagraíocht agus treoróidh sé forbairt na bPleananna Seachadta Seirbhíse Bliantúla.
Tá an Plean Corparáideach á ullmhú ar bhonn cuimsitheach trí chomhairliúchán le páirtithe leasmhara inmheánacha, sé sin comhaltaí tofa, baill foirne agus coistí éagsúla, mar aon le páirtithe leasmhara seachtracha.
Is é an cuspóir atá leis ná ionchur a thabhairt do na páirtithe leasmhara go léir i bhforbairt an phlean.
Ag leagan amach na gcúig phríomhaidhm chorparáideacha ardleibhéil, chomh maith leis an bhfís, an ráiteas misin agus na croíluachanna as seo go 2029, ba mhaith le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge do thuairimí agus d’aiseolas a chloisteáil faoi na rudaí ar mhaith leat go ndíreodh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge orthu sna cúig bliana amach romhainn.
Agus é ag oscailt an chomhairliúcháin phoiblí ar líne, dúirt Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, an Clr. Jason Murphy, “Le linn shaolré na Comhairle seo, tá tuairimí an phobail ina ndlúthchuid de Phlean Corparáideach a fhorbairt atá nuálach, uaillmhianach agus inbhuanaithe agus a thacaíonn le riachtanais Phort Láirge mar an áit is fearr le cónaí ann, le bheith ag obair ann, le gnó a dhéanamh ann agus le cuairt a thabhairt air.”
Dúirt Seán McKeown, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge freisin, “Beidh Plean Corparáideach 2024-2029 ina threochlár don Údarás Áitiúil chun tosaíochtaí straitéiseacha a sheachadadh agus chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus pháirtithe leasmhara uile Phort Láirge.”
“Tá an t-ionchur ón bpobal thar a bheith luachmhar agus cuideoidh sé linn an Plean Corparáideach a mhúnlú agus, dá bhrí sin, Pleananna Seachadta Seirbhíse Bliantúla na heagraíochta a fhorbairt.”
Breithneofar gach aighneacht a dhéanfar agus cuirfear tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar fáil do chomhaltaí tofa Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge chun cabhrú le Plean Corparáideach a thabhairt chun críche.
Beidh an tairseach Comhairliúcháin Phoiblí ar líne ar oscailt go dtí 5pm, Dé hAoine, 11 Deireadh Fómhair 2024 agus is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar https://bit.ly/CorporatePlan24-29
Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost freisin chuig Honor Dunphy ag hdunphy@waterfordcouncil.ie nó sa phost chuig Honor Dunphy, Oifigeach Riaracháin, Oifig Chorparáideach, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge, X91 PK15.
-Críoch-