Plean Ealaíon Phort Láirge — Comhairliúcháin Phoiblí 2025
Tá Seirbhís Ealaíon Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag ullmhú Plean Ealaíon nua do Phort Láirge. Chun deis a thabhairt don phobal i gcoitinne, d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíon a nguth a chur leis an bPlean seo, tá na cruinnithe seo a leanas á dtionól againn (tabhair faoi deara nach gá duit a bheith i do chónaí i dtoghcheantar chun freastal ar an gcruinniú sin). Ní mhairfidh na seisiúin níos faide ná 90 nóiméad.
• Dé Sathairn , 1 Feabhra ag 12 meán lae — Gailearaí Ealaíne Phort Láirge, Sráid Uí Chonaill, Cathair Phort Láirge.
• Déardaoin, 6 Feabhra ag 11am — Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh, an Phríomhshráid Íochtarach, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge.
• Dé Céadaoin, 12 Feabhra ag 6pm — Leabharlann Choill Mhic Thomáisín, An Phríomhshráid, Coill Mhic Thomáisín, Co. Phort Láirge.
Ba mhór againn do fhreastal chun cabhrú linn leis an treo, na spriocanna agus na tosaíochtaí a aithint chun an obair seo a threorú. Ní gá réamhchlárú. Beidh sonraí faoi na deiseanna eile chun do chuid smaointe a chur ar aghaidh ar fáil ar ár nArdán Comhairliúcháin tar éis na gcruinnithe poiblí.