Scéalta Dúnmharaithe, Rúndiamhra, Seanachas & Scannáin
Scéalta Dúnmharaithe, Rúndiamhra, Seanachas & Scannáin
i nDún Garbhán ar an 16 & 17 Samhain

1/11/2018
Local historian and author, John Young, pictured at Dungarvan Castle ahead of the free, bi-lingual Murder Mystery weekend planned for Dungarvan, Co Waterford, on November 16 and 17. He leads a free, guided walking tour of the town, visiting sites of murders, hangings and other violent occurrences in the history of the town. All events are free, are organised by the Irish Office at Waterford City and County Council as part of the ongoing Bliain na Gaeilge and Creative Ireland celebrations.
Photo;Mary Browne
Beidh ciontú éagórach fir neamhchiontacha, a crochadh dá bharr sna 1880daí, maraon leis an scéal a bhain le fear a’ phoist a d’imigh ó radharc go mistéireach Lá Nollag beagnach céad bhliain ó shoin i measc na dtragóidí ón bhfíorshaol a bheidh á chíoradh le linn Deireadh Seachtaine Dúrúin Dúnmharaithe a bheidh ar siúl i nDún Garbhán, Co Phort Láirge ar an 16 agus 17 Samhain seo.
Ócáid í seo a bheidh mar dhíol spéise dóibh siúd a bhfuil suim acu sa stair, sa dlí, sa teanga, sa scéalaíocht agus i mistéirí, le dhá lá d’imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha saor in aisce don bpobal. Tá sé á n-eagrú ag Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge mar chuid de chlár imeachtaí Bhliain na Gaeilge agus Éire Ildánach de chuid na Comhairle.
Beidh scéalaíocht agus dearadh aghaidh fidil saor in aisce do pháistí, drámaíocht ar an scáileán mór, siúlóidí, cainteanna, scéalaíocht, amhránaíocht agus go leor, leor eile ar siúl, arsa Oifigeach Gaeilge na Comhairle agus eagraí na féile, Máire Seó Breathnach.
“Seo an chéad uair dúinn a leithéad de dheireadh seachtaine a eagrú agus is dóigh linn gur am tráthúil den mbliain í. Tá súil againn go mbeidh rud éigint ann do gach duine idir chainteoirí líofa agus daoine ar bheagán Gaeilge, de bharr go mbeidh furmhór na n-imeachtaí dátheangach agus fo-theidil leis na scannáin a bheidh á dtaispeáint. Chomh maith leis sin, tá rudaí difriúla á n-eagrú againn d’aois-ghrúpaí éagsúla, idir scéalaíocht, amhránaíocht, cainteanna agus ealaín.
“Ar nós ana-chuid áiteanna eile, tharla roinnt tragóidí agus coireanna i nDún Garbhán nár réitíodh fós. Tá an dúnmharú mar théama i ngo leor den mbéaloideas, sa scéalaíocht agus, faraoir sa ghnáth-shaol féin. Síos tríd na glúnta, tá sé léirithe go bhfuil an-suim ag daoine i místéirí agus sa dúnmharú.
Ócáid don Oscailt Oifigiúil
“Beidh ceist an-spéisiúil maidir leis an gcóras dlí á cíoradh againn ag an oscailt oifigiúil ar an Aoine, 16 Samhain, agus sinn ag féachaint ar chonas mar a pléadh le cúrsaí teanga i gCás Cúirte Mhám Trasna sna 1880daí. Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge as Conamara os comhair na cúirte, a reachtáileadh i mBéarla, teanga ná raibh aon tuiscint acu air. Féachaimid ar an tionchar a bhí aige sin ar thoradh na trialach agus an bhfuil a leithéad fós ag tarlú aon uair a mbíonn imircigh ó thíortha eile nach bhfuil an Béarla ar a dtoil acu os comhair na cúirte sa chóras dlí in Éirinn sa lá atá inniu ann.
Beidh áthas orainn fáilte a chur roimh iar-ghobharnóir Mhuinseo, John Lonergan agus An Dr. Seán Ó Conaill, léachtóir Dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, a labharfaidh ar an ábhar seo i dTeach na Cúirte, Dún Garbhán oíche Aoine. Beidh mír drámaíochta as cás cúirte Mhám Trasna á léiriú ag aisteoirí áitiúla ó Aisteoirí an tSean Phobail agus ón Lios Mór chomh maith le linn na himeachta seo. Ina dhiaidh san, beidh seans ag daoine féachaint ar an scannán ‘Murdair Mhám Trasna’ i bPictiúrlann an SGC agus beidh an t-údar Seán Ó Cuirreáin, a scríobh an leabhar ‘Éagóir’, ar a bhfuil an scannán bunaithe, i mbun cainte agus díospóireachta leis an lucht féachana tar éis an scannáin.
Imeachtaí do Pháistí
“Beidh imeachtaí spraoiúla agus bríomhara againn do pháistí chomh maith, le scéalaíocht i Leabharlann Dhún Garbhán ar a 11 a chlog ar an Satharn, 17 Samhain le Máirín Mhic Lochlainn, dírithe ar pháistí idir ocht agus deich mbliain d’aois. Reachtáilfear ceardlann ealaíne do pháistí in Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh tráthnóna Dé Sathairn ar a dó a chlog, le dearadh aghaidh fidil. Tá súil againn go dtiocfaidh go leor daoine amach chun taitneamh a bhaint as na himeachtaí saor in aisce seo agus glacfar le páistí ar bhonn tús freastail ar an gceann is túisce.
Ar an SatharnTaispeánfar an clár faisnéise ‘The Missing Postman’ i bPictiúrlann an SGC tráthnóna Dé Sathairn, le caint le húdar leabhair ar an ábhar, Fachtna Ó Drisceoil. Insíonn an clár agus an leabhar scéal mar gheall ar fhear a’ phoist a d’imigh ó radharc go mistéireach Lá Nollag sna 1920daí sa tSráidbhaile i gContae Phort Láirge.
Cuirfear críoch le clár an deireadh seachtaine le seisiún neamhfhoirmeálta seanachais agus amhránaíochta ar théama an dúnmharuithe agus an bháis i dtraidisiún na mbailéad agus na n-amhrán. Beidh amhránaithe agus seanchaithe ar nós Ciarán Ó Gealbháin agus Síle agus Seán Ó Murchú ag glacadh páirte, chomh maith le go leor eile.
CRÍOCH
Teagmhálaí dos na meáin: Neans McSweeney, McSweeney Media (086) 2620 355 nó neans@mcsweeneymedia.ie
Teagmhálaí na Féile; Máire Seó Breathnach (0761) 102 884 nó (087) 743 4123