Skip to content

Scoláireachtaí Gaeltachta 2024

Scoláireachtaí Gaeltachta 2024

Tá áthas ar Oifig na Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge a fhógairt go bhfuil sé i gceist Scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ar dhaltaí meánscoile ó Phort Láirge i mbliana.

Bronnfaidh Oifig na Gaeilge scoláireacht(aí) ar dhalta(í) a chónaíonn i gCathair nó i gContae Phort Láirge (laistigh de limistéar riaracháin na Comhairle) chun freastal ar Chúrsa Samhraidh* de chuid Choláiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach.

*Braithfidh dátaí an chúrsa ar an saghas scoláireachta a bhronnfar – scoláireacht lae nó scoláireacht chónaithe.

Is féidir foirmeacha iarratais agus sonraí iomlána na scoláireachta a fháil trí theagmháil a dhéanamh le:

Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Oifigí Cathartha, Dún Garbhán, Co Phort Láirge Teil: 058 22001 R-phost: msbreathnach@waterfordcouncil.ie

Sé an t-am agus an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná 5.00i.n. ar an Aoine, 3 Bealtaine 2024


The Irish Office, Waterford City & County Council is delighted to announce Gaeltacht Scholarships for second level student(s) from Waterford this summer.

A Scholarship(s) from the Irish Office will be available for a student(s) living in Waterford City or County (within the Council’s administrative area) to attend one of Coláiste na Rinne’s two-week summer courses* in the Gaeltacht area of west Waterford.

*The dates of the course will depend on the type of scholarship received – a day scholarship or a boarding scholarship.

Application forms and full details of the terms and conditions of the scholarships are available by contacting:

Máire Seosaimhín Breathnach, Irish Office, Waterford City & County Council, Civic Offices, Dungarvan, Co Waterford Tel: 058 22001 E-mail: msbreathnach@waterfordcouncil.ie

The final time and date for receipt of applications is 5.00pm on Friday, 3rd May 2024

View All News