Déan cúram do dhaoine aosta, daoine leochaileacha agus comharsana atá scoite amach.
Beidh cúrsaí taistil deacair mar gheall ar cheathanna geimhriúla agus dromchlaí a bhfuil sioc orthu
Beidh na bóithre contúirteach, fiú agus grean curtha orthu agus iarrtar mar sin ar dhaoine a luas a laghdú, tiomáint go cúramach, a bheith airdeallach ar dhaoine eile atá ag úsáid an bhóthair agus am breise a thabhairt dóibh féin dá dturas.
Ní mór do rothaithe a bheith thar a bheith cúramach ar na bóithre le linn na tréimhse seo d’aimsir fhuar. Cé go mbeidh grean á chur gach oíche ar phríomhbhealaí artaireacha, d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh grean curtha ar go leor bealaí rothaíochta.
Moltar do thiománaithe a bheidh ag tabhairt faoi thurais níos faide a bheith airdeallach ar chúrsaí feadh an bhealaigh ós rud é go bhféadfadh athrú mór a bheith ar an aimsir in áiteanna éagsúla sa tír.
D’fhéadfadh an tréimhse seo d’aimsir fhuar cur isteach ar sheirbhísí iompair phoiblí freisin, mar sin moltar do dhaoine seiceáil le hoibreoirí seirbhíse chun an t-eolas is déanaí a fháil faoina gceantar féin.
Iarrtar ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atáthar amuigh ag siúl: is féidir le cosáin etc. a bheith an-chontúirteach/an-sleamhain ag sioc.
Moltar do dhaoine a bheith ullamh don tréimhse dhrochaimsire seo lena n-áirítear a chinntiú go bhfuil a bhfón póca luchtaithe go hiomlán le go mbeidh siad ábalta cumarsáid a dhéanamh le daoine eile.
Coinnigh d’fhón luchtaithe agus tabhair leat é ar gach turas. Glaoigh ar 999 nó 112 i gcás éigeandála
Tá gach cur isteach ar sheirbhísí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fáil ar an leathanach baile na Feidhmeannachta agus táthar á thabhairt cothrom le dáta go rialta ar chainéil meán sóisialta an HSE https://www.hse.ie
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Éigeandála BSL ag an uimhir 1800 372 999. Is féidir leis an bpobal súil a choinneáil ar www.PowerCheck.ie.
Is féidir le custaiméirí Uisce Éireann a shuíomh gréasáin agus a chainéil meán sóisialta a sheiceáil chun an nuacht is déanaí a fháil agus is féidir leo teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann faoi aon fhadhb nó ábhar imní a bheadh acu trína n-ionad cúraim do chustaiméirí 24/7 ar an uimhir 1800 278 278. Is féidir le daoine clárú ar líne freisin le córas foláirimh téacs saor in aisce chun an t-eolas is déanaí a fháil go rialta faoina soláthairtí áitiúla – féach www.water.ie. Moltar do dhaoine uisce a chaomhnú, agus féachaint ar https://www.water.ie chun comhairle a fháil
Moltar d‘fheirmeoirí gach réamhchúram a ghlacadh agus iad ag déileáil le beostoc agus iad ag obair astu féin seans.
Ba chóir do dhuine ar bith a bheidh ag taisteal ar eitleán thar an deireadh seachtaine neart ama a thabhairt dóibh féin lena dturas a dhéanamh. Ba cheart do phaisinéirí a bhfuil an t-eolas is déanaí faoi eitiltí sonracha á lorg acu teagmháil dhíreach a dhéanamh lena n-aerlíne.
Coinnigh súil ar réamhaisnéisí Met Éireann agus/nó féach ar https://www.met.ie/ chun an t-eolas is déanaí a fháil. Tá eolas ar fáil ar fud ardáin meán sóisialta agus ar fud foinsí meán nuachta eile.