Tionól Nioclás Tóibín 2025
Tá raidhse imeachtaí amhránaíochta, ceoil, rince agus cultúir beartaithe i gcomhair dheireadh seachtaine na Féile Bríde 2025 i ndilchuimhne ar rí-amhránaí Éireann, Nioclás Tóibín, ón Rinn.
Tá forbairt ar imeachtaí na féile le blianta beaga anuas agus ceithre lá i gceist leis anois. Reáchtálfar an fhéile ar an Aoine, Satharn, Domhnach agus Luan, 31ú Eanáir – 3ú Feabhra.
Is cinnte go gcuirfidh Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor agus Gerry O’Beirne tús spleodrach leis an bhféile ag an gcéad cheolchoirm tráthnóna Aoine. I gcaitheamh na ceolchoirme bronnfar Gradam Nioclás Tóibín ar Thomás agus ar Shéamas Ó hAoláin (Tom agus Sham Hyland) mar aitheantas ar a bhfuil déanta acu don gceol agus don rince sna Déise le blianta fada.
Beidh lá gnóthach acu siúd a thugann a dtriall ar an Rinn ar Shatharn an Tionóil. Beidh ceardlanna ceoil ar bun i Meánscoil San Nioclás agus togha na gceoltóirí, sár-rinceoir agus amhránaí den scoth ina bhfeighil. Caithfear clárú i gcomhair na ceardlanna seo ar line ag Eventbright, bíonn anéileamh orthu agus moltar clárú go luath! San iarnóin beidh seisiún amhránaíochta an Tionóil i dTigh Mhuirithe; Seisiúin don aos óg i Meánscoil San Nioclás; Seal amhránaíochta do Naíonáin sa Mheánscoil; agus in ionad léacht an tionóil i mbliana beidh ‘Cur ‘s Cúiteamh’ le Breanndán Ó Beaglaoich i gColáiste na Rinne i gcomhpháirtíocht le hOifig Gaoluinne Chomhairle Contae Phort Láirge. Beidh scoth na gceoltóirí le cloisint tráthnóna Sathairn chomh maith agus teagascóirí an lae i mbun ceolchoirme i Halla Pobail na Rinne in bhfochair Dónal Clancy, Nell Ní Chróinín, Macdara Ó Faoláin, Seán Óg Mac Craith agusBreanndán Ó Beaglaoich.
Lá mór é an Domhnach chomh maith agus ceardlanna iluirlise againn. Eibhlín de Paor, Méabh Smyth agus Tom Doorley a bheidh ina mbun. Beidh togha an cheoil agus na hamhránaíochta le cloisint sna tithe tábhairne áitiúla i gcaitheamh an lae. I ndiaidh aifreann an Tionóil i Séipéal San Nioclás beidh Cór Fear na nDéise i mbun Amhránaíochta i dTigh Uí Mhaonaigh, fáilte roimh chách teacht agus canadh ina dteannta. Seolfar albaim i dTigh Mhuirithe – Macdara Ó Faoláin (Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn) agus Iarfhlaith Ó Domhnaill and Natalie Ní Chasaide (The Devil’s Dream) – agus sa tráthnóna cuirfear tús le rogha breá seisiúin ceoil i dTigh Mhuirithe, sa Marine Bar, in John Paul’s agus i dTigh Uí Mhaonaigh.
Cuirfear deireadh le himeachtaí Thionól Nioclás Tóibín 2025 ar an Luan agus is breá an chríoch a chuirfear leis an bhféile an lá céanna! Beidh ceadal iontach le Mícheál Ó Raghallaigh, Michael Rooney agus Sarah Ghriallais i Halla Cholmáin sa Seanphobal, caithfear ticéad a chur in áirthint ar Eventbrite toisc go mbíonn an-éileamh ar an imeacht seo. Ina dhiaidh sin beidh an seisiún deireanach againn i dTigh Mhuirithe agus fágfaimid slán leis an dTionóil go ceann bliana eile.
Ticéidí ag www.eventbrite.com/o/tionol-nioclas-toibin-43222835653, tuilleadh eolais agus nuashonraithe le fáilt ar Facebook, ar Instagram agus ar shuíomh idirlín an Tionóil.