Tugann Oifig an Rialtóra Pleanála an tsraith bileog cothrom le dáta
D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála agus anRoinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sraith de bhileoga pleanála a phléann le gach gné den chóras pleanála.
Leis na bileoga seo clúdaítear raon leathan de shaincheisteanna lena n-áirítear conas iarratas pleanála a ullmhú agus a chur isteach, conas achomharc pleanála a dhéanamh, riachtanais i dtaca le hathrú úsáide, síntí le foirgnimh, garáistí, botháin teaghlaigh, forbairt talmhaíochta, etc. Tá na bileoga ar fáil saor in aisce thíos anseo agus ó d’údarás pleanála áitiúil.
- An Córas Pleanála – Buntreoir
- Treoir don Phlean Forbartha
- Treoir faoi Chead Pleanála
- Treoir chun Iarratas Pleanála a dhéanamh
- Treoir chun Achomharc Pleanála a dhéanamh
- Treoir don Fhorfheidhmiú Pleanála in Éirinn
- Treoir chun Cead Pleanála a iarraidh le teach a Thógáil
- Treoir faoi obair a dhéanamh timpeall an Tí
- Forbairt Talmhaíochta & Feirme – Na Saincheisteanna Pleanála
- Treoir don Phleanáil don Duine Gnó
- Measúnachtaí Comhshaoil agus Pleanáil in Éirinn
- Treoir don Oidhreacht Ailtireachta
- An tSeandálaíocht sa Phróiseas Pleanála
- Forbairt Bonneagair Straitéisigh
- Treoir don Ghlacadh ar Láimh d’Fhorbairtí Cónaithe Críochnaithe