Skip to content

Turas Foghlama Líonra Turasóireachta Tuaithe Phort Láirge go Gaeltacht na nDéise

Bhí lá craic agus ceoil, comhfhoghlaim agus scéalta iontacha i dtírdhreacha iontacha Ghaeltacht na nDéise ar an Déardaoin, 6 Márta.

Tháinig gnólachtaí agus gníomhaireachtaí turasóireachta ó ar fud Phort Láirge le chéile i nDún Garbhán chun tús a chur leis an Turas Foghlama trí cheantar Ghaeltacht na nDéise i bPort Láirge. Ba é seo an tríú ceann i sraith de chúig Thuras Foghlama atá á reáchtáil i ngach ceann de na cúig cheantar chnuasaigh in 2024 agus 2025, siad san: Gleann na hAbha Móire, Ardtailte an Chomaraigh, Cósta an Chopair, Gaeltacht na nDéise, agus Inbhear Phort Láirge.

Thug an Turas Foghlama deis do ghnólachtaí áitiúla chun; tuiscint níos fearr a fhorbairt ar na heispéiris agus na táirgí turasóireachta atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise; nascadh, comhoibriú, foghlaim phearsanta a fháil chun cabhrú lena ngnó agus le ceann scríbe turasóireachta níos leithne Phort Láirge.

Threoraigh Éimhín Ní Conchúir ó Solás na Mara (atá lonnaithe i nGaeltacht na nDéise) níos mó ná 40 rannpháirtí ar a dturas trí Ghaeltacht na nDéise. Labhair Éimhín gan stró i nGaeilge agus i mBéarla agus thug sé deis do na rannpháirtithe triail a bhaint as a gcúpla focal.

Ba é an chéad stad ar an lá ná Gailearaí Joan Clancy. Thug Joan turas ar a teach álainn agus ar a gailearaí, áit ar inis sí scéalta faoina saol féin agus faoi shaol a fir chéile, Tom Clancy ón ngrúpa cáiliúil, chomh maith leis an saothar ealaíne álainn atá sa ghailearaí a thaispeáint.

An dara stad a bhí againn ná Coláiste na Rinne, áit ar thug a stiúrthóir, Críostóir Ó Faoláin, léargas don ghrúpa ar conas a bunaíodh an Coláiste, conas a d’fhorbair sé thar na blianta agus na cúrsaí, na háiseanna agus na ranganna atá ar fáil ann anois.

Chuir gnólachtaí eile ó Ghaeltacht na nDéise a dtairiscint i láthair ag Coláiste na Rinne, ina measc; Deidre Magner ó Amble on Tours, a chuireann turais shaincheaptha iontacha ar fáil do ghrúpaí beaga a nascann oideachas, scíth agus spraoi, agus cuireann Nicola & Grahame Morphey ó Glenmore Villa eispéireas uathúil cócaireachta, gairdín cistine agus foghlama bia ar fáil.

Ba é Cabrini de Barra ó Chomhlucht Forbartha na nDéise an cainteoir deireanach ag an gColáiste. Is é Comhlucht Forbartha na nDéise an comhlacht forbartha pobail agus teanga do Ghaeltacht na nDéise. Bunaíodh é in 2005 chun pobal agus forbairt teanga phobal na Rinne agus phobal an tSean Phobail a thabhairt le chéile agus a chomhordú.

D’fheidhmigh Liam Suipéil mar threoraí dár dturas ó Choláiste na Rinne go dtí an chéad stad eile – Teach tábhairne Uí Mhaonaigh. Ag an teach tabhairne, atá seirbhísithe ag Nasc Áitiúil TFI, bhain an grúpa taitneamh as an áit uathúil seo, áit iontach do chomhrá cois tine as Gaeilge.

In ionad suaimhneach Sólás na Mara i gCeann Helbhic, rinne Éimhín Ní Chonchúir agus an fhoireann cur síos don ghrúpa ar an iliomad cóireálacha atá ar fáil acu ó fholcadáin feamainne go dtí cóireálacha aghaidhe agus leag siad béim ar chuid de na táirgí áitiúla a úsáideann siad, agus a dhíolann siad san áit.

Chuaigh an bus ar aghaidh ansan go dtí an Marine Bar, áit ar bhain gach duine sult as bia blasta, agus as ceol beo le Eoghan O’Neill, i dtimpeallacht an-chompordach.

Ag Criostal na Rinne, thug Éamonn Terry léiriú ar conas a ullmhaíonn agus a ghearrann a fhoireann an criostail álainn. Chuir Eamon oideachas ar an ngrúpa ar na modhanna agus an oiliúint a theastaíonn chun leibhéal an Scothcheardaithe a bhaint amach.

Chríochnaigh an lá i dtigh tabhairne Tigh Mhuirithe, ag a bhfuil ceann de na radharcanna is áille in Éirinn. Cuireadh fáilte mhór roimh an ghrúpa le cupán tae ó Bhean an Tí, Breda Murray. Labhair Stefanie Strude ó Heritage Connections leis an ghrúpa faoi na himeachtaí iontacha dátheangacha a óstáiltear ann ina mbíonn daoine, le gach leibhéal Gaeilge, ag teacht le chéile chun taitneamh a bhaint as comhrá agus amhránaíocht i dtimpeallacht an-fháilteach.

Tugann na himeachtaí seo deis do dhaoine de gach aois agus de gach céim níos mó a fhoghlaim faoin nGaeilge agus conas í a ionchorprú ina saol laethúil. Cuimsíonn an t-eispéireas seo go néata an méid atá Gaeltacht na nDéise ag iarraidh a bhaint amach agus tháinig deireadh leis an gcuairt leis an ngrúpa ag canadh an chúrfá ó ‘Bháidin Fheilimí’ go sona sásta.

Tá an Turas Foghlama seo go Gaeltacht na nDéise mar chuid de chlár forbartha Líonra Turasóireachta Tuaithe Phort Láirge, atá á mhaoiniú agus á thacú ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus Fáilte Éireann, agus á sheachadadh ag Runda Hospitality and Tourism Solutions.

Ba mhaith le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus Fáilte Éireann buíochas a ghabháil leis na gnólachtaí ar fad a ghlac páirt ann agus go háirithe leis na gnólachtaí a d’oibrigh linn chun na gnéithe éagsúla den Turas Foghlama a óstáil.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Líonra Turasóireachta Tuaithe Phort Láirge nó páirt a ghlacadh i gceann de na cúig Chuasach i bPort Láirge seol ríomhphost chuig caroline@runda.ie.

View All News