Skip to content

Waste Prevention Grant Scheme 2020

Tugann an scéim seo tacaíocht do ghrúpaí pobail céimeanna a thógaint chun cosc a chur ar dhramhaíl agus chun gníomhaíochtaí ath-úsáide agus deisithe a chur chun cinn go háitiúil, ag spreagadh chomhpháirtíochta idir gnóthaí áitiúla, scoileanna, carthanachtaí agus grúpaí deonacha.

Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag tabhairt seans do ghrúpaí pobail cosc ar dhramhaíl a chur chun cinn i mbliana, ag tabhairt deise dóibh féachaint ar dhramhaíl i slí difriúil, féachaint an féidir linn ár n-acmhainní a láimhseáil i slí níos fearr agus geilleagar ciorclach a spreagadh.

Déanfar measúnú i gcomhair mhaoinithe ar thionscadail a bhfuil aidhm shonrach acu, atá ag díriú ar ghrúpa faoi leith agus gur féidir leo an méid dramhaíl atá cosctha a mheas (de réir meáchain) laistigh de thréimhse an tionscadail. Déanfar tionscadail a mheas bunaithe ar chritéir mheasúnaithe áirithe agus is ceart go mbeadh aghaidh tugtha ar na critéir seo i sonraí an iarratais; ní mor duit a bheith eolaíoch ar na critéir mheasúnaithe faoina mbeidh do thionscadal á mheas (mar atá léirithe ar an bhfoirm iarratais).

Sé €500 an t-uasmhéid atá ar fáil do gach tionscadal chosc ar dhramhaíl a fhaigheann maoiniú. I measc na dtionscadal a bhfuair maoiniú cheana bhí ceardlanna pobail uaschúrsála trínar cruthaíodh táirgí inbhuanaithe ó dhramhaíl, cosc ar dhramhaíl bia, imeachtaí deisiúcháin/uaschúrsála le linn Mí Athúsáidte (Deireadh Fómhair gach bliain), ceardlanna deisithe rothar agus tionscadail a spreagann daoine chun fáil réidh le plaisteach aon-úsáide laistigh den bpobal.

Conas Iarratas a Dhéanamh:

Tá an fhoirm iarratais don Deontas chun Dramhaíl a Chosc ar fáil ag http://bit.ly/WastePreventionGrant2020  nó ón Rannóg Comhshaoil, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, uimhir ghutháin 0761 10 20 20. Is ceart an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais go dtí an Rannóg Comhshaoil faoin spriocdháta 13 Márta 2020.


This scheme supports communities to take steps on waste prevention, re-use and repair activities in their local areas, and encourage partnership between local businesses, schools, charities and voluntary groups.

Waterford City and County Council is offering community groups an opportunity this year to promote waste prevention, creating an opportunity to look at waste differently and to determine if we can handle our resources better and encourage a circular economy.

Funding will be considered for projects with a definitive aim, targeting a specific group and can provide an estimate of waste prevented (by weight) within the project period.  Projects will be assessed by assessment criteria and these criteria should be reflected in the project details; be aware of the assessment criteria against which your project will be evaluated (illustrated on the application form).

The maximum funding for each waste prevention project is €500.  Previous examples of funded projects include up-cycling community workshops creating sustainable products from waste, food waste prevention, repair/up-cycling events for Re-Use Month (October annually), bicycle repair workshops and projects that encourage the elimination of single use plastic within a community setting.

How to Apply:

The waste prevention grant application form is available at http://bit.ly/WastePreventionGrant2020  or from the Environment Section, Waterford City and County Council, phone no.: 0761 10 20 20. The Grant Application Form should be completed and returned to the Environment Section for consideration by the closing date 13th March 2020.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x