Ir para o conteúdo

Meabhrúchán: Scéim Athnuachana Bailte & Sráidbhailte 2024 Léiriú Spéise

Logotipo da renovação da cidade e da vilaRiarfaidh Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2024, arna maoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Maoinítear an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte faoi Thionscadal Éireann 2040 e é príomhthionscnamh í de chuid Ár dTodhchaí Tuaithe — Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025. Tá cuspóirí Scéim Athnuachana na mBailte agus na Sráidbhailte 2024 dírithe ar ailíniú e dhéanamh leis na gealltanais laistigh dár gcáipéisÍ pholasaí Ár dTodhchaí Tuaithe agus Tús Áite do Lár an Bhaile.

Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte dírithe ar a chinntiú go bhforbrófar bailte agus sráidbhailte tuaithe i bPort Láirge agus áiteanna níos tarraingtí a dhéanamh díobh chun cónaí agus oibriú iontu agus chun a n-acmhainneacht eacnamaíoch a mhéadú.

Tá léirithe spéise ó bhailte agus ó shráidbhailte á lorg anois ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge chun tionscadail oiriúnacha a mhaoiniú faoin tionscnamh seo. É féidir foirm léirithe spéise agus sonraí faoi imlíne na Scéime a fháil trí ríomhphost a chur chuig townvillagerenewal@waterfordcouncil.ie agus tá foirmeacha léirithe spéise comhlánaithe le seoladh ar ais roimh 5.00in Dé hAoine 19 Aibreán 2024.

Beidh gach iarratas faoi réir próiseas roghnúcháin a úsáideann Critéir Náisiúnta. Forbrófar iarratais léirithe spéise roghnaithe ina dtairiscintí mionsonraithe lena mbreithniú do Scéim
Athnuachana Bailte e Sráidbhailte 2024.

Ver todas as notícias