Skip to content

Athbhreithniú Cíosa 2023

Tá Athbhreithniú Cíosa á dhéanamh do gach Tionónta Tithíochta Sóisialta. Chun a chinntiú go bhfuil sonraí cearta agus suas chun dáta againn le haghaidh gach teaghlach, iarrtar ar Thionóntaí an Fhoirm Athbhreithnithe Cíosa a chomhlánú maidir lena gcomhdhéanamh teaghlaigh agus sonraí ioncaim. Eiseofar foirmeacha Athbhreithnithe Cíosa go díreach chuig na Tionóntaí go léir go luath.

Is ar na Tionóntaí atá an fhreagracht, faoin gComhaontú Tionóntachta, a chinntiú go gcuireann siad na sonraí cearta faoi bhráid na Comhairle ar mhaithe le ríomh cíosa. Mura gcuirtear ar ais an fhoirm chomhlánaithe go hiomlán leis na cruthúnais ábhartha ar ioncam d’fhéadfadh go gcuirfí Pionós Cíosa ar an gcuntas cíosa.

Sula seolfaidh tú an fhoirm chomhlánaithe ar ais cinntigh, le do thoil, sonraí na n-áitritheoirí GO LÉIR agus na doiciméid ábhartha seo a leanas:
– Más fostaíocht lánaimseartha/páirtaimseartha atá i gceist tabhair na 3 dhuillín pá as a
chéile is déanaí do gach ball den teaghlach atá i bhfostaíocht.
– Más Féinfhostaíocht atá i gceist cuir isteach an Fógra Measúnaithe Cánach is déanaí ó na
Coimisinéirí Ioncaim.
– Le haghaidh daoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn atá fós in oideachas lánaimseartha cuir isteach cruthúnas ón scoil nó ón gcoláiste.
– Áititheoir Bogtha Isteach – tabhair an dáta áitíochta agus an seoladh roimhe seo.
– Áititheoir Bogtha Amach – tabhair an dáta fágála agus cruthúnas ar sheoladh nua.

Seol ar ais, le do thoil, an fhoirm comhlánaithe go hiomlán mar aon leis na cruthúnais ioncaim ábhartha faoin Luan 12 Meitheamh 2023 chuig an Deasc Seirbhíse do Chustaiméirí, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Sráid Nua Bailey, Port Láirge X91 XH42, nó Oifigí Cathartha, Cé Davitts, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge X35 Y326. Nó is féidir foirmeacha comhlánaithe agus doiciméid tacaíochta a scanadh agus a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist thíos.

Ceisteanna: rentreview@waterfordcouncil.ie | 051 849923

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x