Ról Phort Láirge i mbunús an chéad Choimisiúin Ghaeltachta

TÚS MAITH NA hOIBRE: Ag Cothú an Choimisiúin
Ról Phort Láirge i mbunús an chéad Choimisiúin Ghaeltachta
Is í an bhliain seo chugainn comóradh 100 bliain ar an gcéad phlean náisiúnta tábhachtach ón Rialtas chun tacú leis an nGaeilge i Saorstát nua neamhspleách na hÉireann.
Bhí ról tábhachtach ag roinnt príomhphearsana as Port Láirge i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 1925 agus ina measc siúd bhí an Ginearál Richard Mulcahy, cathaoirleach an Choimisiúin agus Séamus Ó hEochadha “An Fear Mór” as Coláiste na Rinne, a bhí ina bhall den Choimisiún. Reáchtáladh ceann de chéad éisteachtaí poiblí an Choimisiúin i nDún Garbhán i mí Dheireadh Fómhair 1925.
Níl iontu seo ach cuid de na naisc atá ag Port Láirge leis an gcéad phlean tábhachtach seo de Shaorstát na hÉireann chun tacú leis an nGaeilge agus an chéad iarracht chun ceantair Ghaeltachta na hÉireann mar a thugtar orthu anois a shonrú. Mar sin, conas a tharla sé seo? Cuireadh na síolta chuige seo i bhfad sular bunaíodh an Coimisiún agus foilsíodh a thuarascáil agus mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain Oidhreachta Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, tabharfaidh Liam Suipéil, iar-Stiúrthóir Choláiste na Rinne, caint dhátheangach ina ndéanfar iniúchadh ar an slí ar tháinig na naisc níos luaithe seo chun cinn. Fiosróidh sé an tionchar a bhí ag Coláiste na Rinne agus ag Gaeltacht Phort Láirge agus a muintir ar bhunchloch pholasaí na Gaeilge i mblianta tosaigh Stát na hÉireann.
Bígí linn i Leabharlann Dhún Garbhán ar 7i.n. Dé Máirt 20 Lúnasa chun súil a chaitheamh ar an gcaoi a raibh baint ag Port Láirge le cúrsaí Gaeilge an Stáit céad bliain ó shin.
Is ceiliúradh é seo ar Phort Láirge agus ar an nGaeilge agus mar chuid den cheiliúradh seo beidh an píobaire uilleann as Port Láirge, a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, David Power, ag seinm cúpla port mar léiriú ar thraidisiún cultúrtha bríomhar agus saibhir Phort Láirge.
Tá an t-imeacht seo mar chuid de Chlár Cuimhneacháin 2024 Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus faigheann sé tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Ócáid saor in aisce. Beidh sólaistí ar fáil. Ní gá áirithint a dhéanamh.
Déan teagmháil le Joanne Rothwell Cartlannaí Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag archivist@waterfordcouncil.ie le haon fhiosrúcháin.
-críoch-
Íomha: Colásite na Rinne (Liam Suipéil)