Skip to content

Céad Bhliain ó tharla Luíochan Bhurgáiste á chomóradh ag Músaem Chontae Phort Láirge

Íomhá le caoinchead ó Mhúsaem Chontae Phort Láirge

B’iad Óglaigh na hÉireann a thug faoi Luíochán Bhurgáiste ar an 18-19 Márta 1921, le linn Chogadh na Saoirse in Éirinn. Tharla sé 2.5km lasmuigh de Dhún Garbhán ar bpríomhbhóthair go dtí Port Láirge (an N25 mar atá inniú ann). Sé an gníomh a bhí beartaithe ag na hÓglaigh don oíche 18 Márta ná Tarr’s Bridge a phléascadh chun bac a chur ar ghluaisteachtaí míleata. Bhí an dá chomphlacht áitiúil, Dún Garbhán agus Dún na Mainistreach, leis an obair seo a dhéanamh faoi chosaint an Cholún Reatha a d’fhág Baile Uí Mhaolalaidh chun buaileadh leis an scuad scartála ag Baile Chó. Bhí George Plunkett ó Cheanncheathrú Óglaigh na hÉireann in éineacht leis an gcolún reatha, mar go raibh sé ar chuairt chigireachta ag an am. Bhí George Lennon i gceannas ar an gColún Reatha. Bhí Pax Whelan, an tOifigeach i gCeannas ar Bhriogáid na nDéise, Iarthar Phort Láirge d’Óglaigh na hÉireann i láthair chomh maith.

Ag Baile Chó agus iad ag ullmhú chun dul chomh fada le Tarr’s Bridge, bhí soilse na bhfeithiclí míleata le feiscint ag teacht ó Dhún Garbhán. Tar éis roinnt phlé, shocraigh George Plunkett gur cheart dóibh an oibríocht scartála a chaitheamh san aer agus ionsaí a dhéanamh ar an arm ar a shlí ar ais go dtí an baile mór.

Ag deireadh n gcomhrac, bhí ceathrar tar éis bháis, Óglaigh Seán Mac Gearailt agus Pádraig Céitinn; Sáirsint i bConstáblacht Ríoga na hÉireann, Michael Hickey agus Sydney Redman.

Tugann an físeán gairid, a chruthaigh John Foley Film do Mhúsaem Chontae Phort Láirge agus do Choiste Deich mBliana na gCuimhneachán de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, léargas ginearálta ar imeachtaí an luíocháin. Eisithe ar an 18 Márta 2021 mar chomóradh céad bliain, is réamhdhréacht é de scannán níos faide, a bhfuil súil ag an Músaem é a bheith críochnaithe faoi Fhómhair 2021, scannán a tabharfaidh léargas níos iomláine ar na himeacthtaí. Cuireadh an físeán le chéile ó chian le haisteoirí guthanna, le ceoltóirí agus le criú ag obair ón mbaile le linn dianghlasála na paindéime. Tá buíochas tuillte ag Angela Foley, Clíodhna Foley, Deirdre Collender, Eddie Cantwell, Ivan Lennon, Kate Morrissey, Mark O’Rourke, Pat Morrissey, Pat Power, Seán and Síle Murphy, Shane Collender agus Tommy Mooney, a bhí pairteach sa tionscadal. Is mian leis an Músaem agus an Choiste Dheich mBliana na gCuimhneachán buíochas faoi leith a ghabháil le John Foley as ucht a chuid dúthrachta chun an tionscadal a thabhairt chun críche ar chaighdeán an-ard i gcúinsí deacra. Bhí an tionscadal faoi bhainistíocht ag an gComhairleoir Thomas Phelan agus Willie Whelan ó Mhúsaem Chontae Phort Láirge agus ag Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachán de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Is féidir an físeán seo a fheiscint ar Chainéal YouTube Mhúsaem Chontae Phort Láirge https://youtu.be/qBofVYy-sbw nó ar chuntais Facebook, Twitter nó Instragram an mhúsaeim.

Fuair an tionscadal seo maoiniú ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoin dtionscnamh “Deich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x