Skip to content

An Comhdháil Cheilteach 2021

AN COMHDHÁIL CHEILTEACH 2021 AR AN ÁRDÁN DIGITEACH

IS eachtra mhór dúinn dul ar-líne leis an gComhdháil Cheilteach 2021, tar éis bheith ‘beo’ le linn breis agus céad bliain.

Tá na téama áirithe a nascann sinn le chéile mar Ceilt scúdaithe againn thar na blianta – Ceol, Teangacha, Cultúr, Logainmneacha, Litríochta, Oileáin, Stair, Seandálaíocht, Mitheolaíócht agus níos mó na san.  Le déanaí dhíríomar isteach ar cúrsaí cumarsáide agus conas a bheith i dteangmhaíl agus i gcabhair ar a chéile níos mó ná ag na comhdhála bhlaintúila.  Thosnáiomar le ríomh phostanna, Facebook, Suíomh Idirlinne, grúpaí WhatsAPP agus cinnte tá buntáistí ag baint le chuile acu.

Is as Aberysthwyth na Breataine Bige a bheidh an Cómhdhail Cheilteach ag teacht chughainn ag an deire seachtaine seo chughainn 2ú- 4ú Iúil.

Sé téama na bliana seo ná “Conas a bheith torthúil agus Ceilteach sa saol ghnó inniu” – agus tugtar deis do cuid des na gnó áitiúla in gach tír físéain bheag a dhéanamh ar a ghnó agus a thaispeáint go bhfuil éileamh ar a gcuid gnó agus iad ag úsáid a dteangacha dúchais féin.  Beidh sibh in ann muintir na Rinne a aithint ag dul i mbun a ngnó i gcuid acu.

****Tá togha agus rogha againn sa chlár, Ceol, Caint, Craic, Léachtanna, Spioradáltacht, Ranganna, Ciorcail Comhrá agus níos mó.  Más suim agaibh blaiseach den Chomhdháil Cheilteach a fháilt is féidir logáil isteach don nasc seo http://cyngresgeltaidd.cymru/ .

Is féidir ticéíd a cheannach don deire seachtaine ar fad ar bheagán, (£20 don teaghlach ar fad), agus geallaimse go mbeidh luach bhúr gcuid airgid agaibh.  Ná fanaigí go dtí an nóiméad deiridh.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x