Skip to content

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana agus beidh go leor imeachtaí ar siúl ar fud na Cathrach agus an Chontae. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag comhoibriú le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na nDéise agus seo blaiseadh de chuid de na rudaí a bheidh ar fáil.

Ceiliúradh Idirchultúrtha – beidh ócáid idir-chultúrtha ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i gCathair Phort Láirge ar an Satharn 16 Márta óna 2.00-4.00i.n., áit a bheidh deis ag cainteoirí Gaeilge (agus iad siúd le cúpla focal) agus baill de phobail níos nuaí na cathrach teacht le chéile chun blaiseadh dá gcultúir faoi seach a roinnt. Beidh baill de phobail Igbo, Afganastánach agus Ungárach na Cathrach i láthair agus beidh deis acu blaiseadh a fháil ar ghnéithe de chultúr na hÉireann, lena n-áirítear ceol, amhránaíocht agus rince na hÉireann, agus iad ag foghlaim “cúpla focal Gaeilge.” Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo. Mar sin, má tá fonn ort do chúpla focal a labhairt i gcomhluadar il-chultúrtha, buail isteach go dtí Ionad Naomh Pádraig ar Shráid Phádraig ar an Satharn, 16 Márta aon am idir a dó agus a ceathar a chlog sa tráthnóna.                                                                                                                

Lón na Gaeilge – beidh Lón na Gaeilge speisialta d’fhoireann na Comhairle agus don bpobal i gcoitinne ar siúl in Óstán an Túir i gCathair Phort Láirge ar an Déardaoin, 14 Márta. Má tá suim agat buaileadh isteach chun craic agus comhrá a bheith agat i measc chomhluadair Ghaelaigh, is gá clárú roimh ré le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.

Beidh Turas Dhátheangach Treoraithe thart ar an Músaem Mheánaoiseach, Cearnóg na hArdeaglaise sa Chathair ar an gCéadaoin 13 Márta ag 1.15i.n., ar chostas laghdaithe de €5 an duine agus tá fáilte roimh chách teacht chun éisteacht le Donncha Ó Ceallacháin ag roinnt scéalta spéisiúla faoi stair shaibhir Phort Láirge.

Tráth na gCeist Dátheangach – eagróidh Oifig na Gaeilge, Comhairle Phort Láirge Tráth na gCeist dátheangach sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mór sa Chathair ar an Máirt, 12 Márta ar a 8.00i.n. agus é ar oscailt don phobal i gcoitinne. Is oíche spraíúil í a thugann deis do dhaoine a gcuid ‘cúpla focal’ a úsáid in atmaisféar cairdiúil suaimhneach agus beidh go leor spotdhuaiseanna, ceol agus craic ar an oíche. Is féidir clárú roimh ré ach teagmháil a dhéanamh le Séamus ag jlenane@waterfordcouncil.ie.

Beidh ócáid Open Mic “The Spoken Word/An Focal Labhartha” ar siúl ar i gCeathrú Cultúrtha Chathair Phort Láirge Dé Sathairn, 16 Márta ó 11.30r.n.-1.00in. Beidh léamh filíochta agus próis i nGaeilge agus i mBéarla ó dhaoine éagsúla. Mar sin, bígí i lár an aonaigh linn ag an ócáid amuigh faoin aer saor in aisce seo, atá á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Lá Fhéile Pádraig Phort Láirge.

DÚN GARBHÁN LE GAEILGE
Beidh Dún Garbhán le Gaeilge ag eagrú roinnt imeachtaí ar fud Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbhán le linn Sheachtain na Gaeilge, lena n-áirítear taispeáintí speisialta de scannáin Ghaeilge in Movies@Dungarvan do scoileanna áitiúla, Pop-Up Gaeltacht i dtigh tábhairne Alice O’Connor’s i nDún na Mainistreach agus Céilí atá oscailte do theaghlaigh in Óstán Lálor, le seisiún ceoil roimh ré do pháistí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo, déan teagmháil le Bróna ag dungarbhanlegaeilge@gmail.com nó 0874785054.

Seirbhísí Leabharlainne Phort Láirge
Beidh roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha á n-eagrú ag an bhfoireann os na leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn agus iad ar fad saor in aisce.

Beidh Bingó as Gaeilge á n-eagrú do scoileanna áitiúla i Leabharlanna Ard Chaoin, Charraig Phiarais agus Phort Lách agus is gá clárú roimh ré le do leabharlann áitiúil chun páirt a ghlacadh. Leanfaidh an Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar aghaidh i Leabharlann Thrá Mhór gach Déardaoin le linn na coicíse agus ar an gCéadaoin, 6 Márta, beidh ócáid scéalaíochta agus cheardaíochta trí Ghaeilge á reáchtáil ag Leabharlann Thrá Mhór chomh maith. Beidh Leabharlann Bhóthar de Brún ag tabhairt chuireadh do ranganna ó scoileanna áitiúla páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla as Gaeilge agus cuirfidh siad crosfhocail agus tóraíocht focal ar fáil do pháistí a thugann cuairt ar an Leabharlann ón 1-15ú Márta. Beidh réimse puzail agus crosfhocail as Gaeilge ar fáil i Leabharlann na Leasa Móire le linn na coicíse agus sa Lárleabharlann is féidir leat foghlaim faoi raon áiseanna foghlama Gaeilge ar líne agus beidh foireann na leabharlainne ar fáil chun a thaispeáint duit conas tosú. Ina theannta sin, reáchtálfaidh an Lárleabharlann seisiún faisnéise buail isteach leis an Oifigeach Gaeilge do Wikimedia Ireland, Amy O’Riordan, a labhróidh ar Vicipéid agus a thaispeánfaidh do dhaoine conas a oibríonn sé, conas clárú leis agus conas tús a chur le heagarthóireacht/scríbhneoireacht.

Tá stoc mór de leabhair Ghaeilge ag Leabharlanna Phort Láirge agus beidh na leabhair seo ar thaispeáint sna leabharlanna éagsúla le linn Seachtain na Gaeilge agus iachall faoi leith á cur ar dhaoine, idir óg agus aosta, leabhair Ghaeilge a léamh. Is féidir an t-eolas ar fad maidir leis na himeachtaí éagsúla atá á n-eagrú a fháil ó do Leabharlann áitiúil agus roinnfear iad chomh maith ar shuíomh gréasáin www.waterfordlibraries.ie agus ar na meáin shóisialta.

Gabhaimid buíochas le gach duine sna seirbhísí agus eagraíochtaí éagsúla as ucht a gcomhoibriú agus a gcuid tacaíochta chun an clár imeachtaí seo a eagrú mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

View All News