Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
Tá Seachtain na Gaeilge (SnaG) á ceiliúradh arís i bPort Láirge i mbliana, le go leor imeachtaí ar siúl ar fud na Cathrach agus an Chontae.
Tá Oifig na Gaeilge i gComhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag comhoibriú le roinnt grúpaí éagsúla chun teanga agus cultúr na Gaeilge a cheiliúradh agus seo blaiseadh de chuid dá mbeidh ar fáil.
Beidh Tráth na gCeist Dhátheangach na bliana seo ar siúl sa Cove Bar ar Bhóthar Dhún Mhóir, Cathair Phort Láirge ar an Déardaoin, 12 Márta ag 8pm agus tá sí ar oscailt don phobal. Is oíche spraíúil í a thugann deis do dhaoine a gcúpla focal a úsáid. Is féidir leat clárú roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le jlenane@waterfordcouncil.ie.
Beidh oíche speisialta i nDún Garbhán ar an Déardaoin, 5 Márta nuair a thaispeánfar an scannán Báite (leis an aisteoir áitiúil Moe Dunford) i Movies@Dungarvan. Buaiteoir an Scannáin Ghaeilge is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2025 agus ainmnithe i gceithre chatagóir ag Gradaim IFTA 2026, bhuaigh Báite IFTA sa chatagóir Cheoil Bhunaidh. Beidh Báite ar thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre (lena n-áirítear Pictiúrlann SGC, Dún Garbhán) ón 6 Márta 2026, i gcomhthráth le Seachtain na Gaeilge.
Tá clár imeachtaí agus gníomhaíochtaí dátheangacha/Gaeilge eagraithe ag foireann na Leabharlanna ar fud na cathrach agus an chontae do SnaG, agus tá gach ceann acu saor in aisce. I measc na n-imeachtaí suaitheanta a bheidh ar oscailt don phobal i mbliana beidh oíche leis an Laureate Ficsean Éireannach Éilís Ní Dhuibhne, a bheidh i mbun comhrá (dhátheangach) leis na húrscéalaithe eile Anna Heusaff agus Réaltán Ní Leannáin i Leabharlann Dhún Garbhán Dé Sathairn, 14 Márta ag 7pm.Má bhuaileann tú isteach go dtí an Lárleabharlann ar Lána Mhuire sa Chathair ag 6.30pm Dé Céadaoin, 4 Márta cloisfidh tú caint an-spéisiúil (i mBéarla) leis an Oir. Daniel Fleming dar teideal “The Bedell Bible: Provenance, Ownership, and the Formation of the Cotton Library, Lismore.”
Más spéis leat ceol agus amhránaíocht, beidh an cór gutha fireann Dordán ag canadh sa Lárleabharlann Dé Sathairn, 14 Márta ag 2.30pm. Beidh Leabharlanna Dhún Garbhán agus na Trá Móire ag óstáil a gcuid Ciorcal Comhrá go rialta le linn Sheachtain na Gaeilge agus tá fáilte roimh chách bualadh isteach le haghaidh comhrá ‘as Gaeilge’.
Buail isteach le haghaidh Turas Dátheangach Treoraithe ar Mhúsaem na Meánaoise, Cearnóg na hArdeaglaise le Donnchadh Ó Ceallacháin ar an Déardaoin 5ú Márta. Cuirfear tús leis an turas ag 1.15pm agus tá fáilte roimh chách, ach tá spásanna teoranta, mar sin beidh ort áirithint a dhéanamh ar líne roimh ré ag https://www.waterfordtreasuresbookings.com/Home
Beidh deis ag Ciorcail Chomhrá Phort Láirge, atá ag dul i méid, teacht le chéile le haghaidh ‘cupán tae agus caifé’ agus comhrá Dé Céadaoin, 11 Márta i mBruachaill. Má tá suim agat páirt a ghlacadh i gCiorcal Comhrá, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le do Leabharlann áitiúil nó leis an Oifigeach Gaeilge ag gaeilge@waterfordcouncil.ie chun sonraí a fháil faoi Ciorcal Comhrá in aice leat. Bígí linn!
I measc na dtaibheoirí a ghlacfaidh páirt san imeacht Spoken Word i Sráid Uí Chonaill Dé Sathairn, 14 Márta le linn dheireadh seachtaine na Féile Pádraig, beidh an file Joanne McCarthy agus Tom O’Neill, a bheidh ag seinm i nGaeilge agus i mBéarla araon.
Tá na Seirbhísí Leabharlainne ag eagrú roinnt imeachtaí do pháistí agus do theaghlaigh le linn Sheachtain na Gaeilge, ina measc Rannta le Chéile (rannta Gaeilge do pháistí óga) gach maidin Mháirt i Leabharlann Dhún Garbhán agus maidin spraoi agus cluichí do pháistí Dé Sathairn, 7 Márta i Leabharlann Dhún Garbhán ó 10am, áit ar féidir leat Monopoly, Scrabble & Cluedo ‘as Gaeilge’ a imirt.
Tá roinnt imeachtaí réamháirithinte do scoileanna eagraithe ag na Seirbhísí Leabharlainne, lena n-áirítear maidin de ghníomhaíochtaí léitheoireachta agus ceardaíochta do pháistí an-óg leis an scríbhneoir Sadhbh Devlin i Leabharlann Dhún Garbhán ar an 13 Márta; scéalaíocht le seanachaí traidisiúnta, Niall de Búrca i Leabharlanna Ard Chaoin agus na Trá Móire ar an 11ú Márta agus seisiún Aireachais leis an Meaningful Múinteoir, Bernie Woods sa Lárleabharlann ar an 2ú Márta.
Tá Dún Garbhán le Gaeilge ag eagrú roinnt imeachtaí agus gníomhaíochtaí timpeall Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhún Garbhán le linn Sheachtain na Gaeilge, lena n-áirítear taispeántais speisialta de scannáin Ghaeilge i Movies@Dungarvan do scoileanna áitiúla. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo, féach ar a suíomh gréasáin ag https://www.dungarbhan.ie/ nó déan teagmháil le Bróna ag dungarbhanlegaeilge@gmail.com nó 0874785054.
Más mian leat do ‘cúpla focal’ a chleachtadh, nó éisteacht lenár dteanga dhúchais atá in úsáid, ná bíodh drogall ort freastal ar aon cheann de na himeachtaí saor in aisce seo de chuid Sheachtain na Gaeilge. Bain sult as!
-críoch-
Tuilleadh eolais:
Máire Seosaimhín Breathnach,
Oifigeach Gaeilge
(087) 7434123

