Cad As Duit? Logainmneacha an Déise
An bhfuil ainm ar an láthair iascaireachta/snámha is fearr leat? An bhfuil bóithrín áitiúil ainmnithe i ndiaidh do sheanathair? An bhfuil a fhios agat cad a thugtar ar na páirceanna thart timpeall do theach?
Is imeacht é ‘Cad As Duit? Logainmneacha an Déise’, arna eagrú ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, chun teagmháil a dhéanamh le do phobal áitiúil lenár Seó Bóthair Logainmneacha. Tríd an Seó Bóthair, roinnfimid na logainmneacha atá bailithe againn go dtí seo agus tabharfaimid deis do dhaoine ainmneacha na n-áiteanna áitiúla atá ar eolas acu a roinnt linn chun cur lenár mbunachar. Ba bhreá linn do chuid scéalta faoi logainmneacha áitiúla a chlos.
Tugtar cuireadh duit bualadh isteach chuig Ionad Cuairteoirí Chósta an Chopair ag am ar bith idir 2pm agus 4pm ar an Satharn, 7 Meitheamh chun blaiseadh a fháil d’oidhreacht logainmneacha Phort Láirge trí mheascán de chainteanna gearra, scéalta agus léarscáileanna.
Foghlaim faoi obair Choiste Logainmneacha Phort Láirge agus conas léarscáileanna, taifid agus acmhainní luachmhara logainmneacha eile a chuardach ar líne. Suigh síos linn agus roinn do chuid scéalta agus cuir do logainm áitiúil lenár léarscáileanna. Glacfaimid an fhaisnéis ar fad is féidir linn a fháil!
Tá an ócáid seo á n-eagrú ag Coiste Logainmneacha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, le tacaíocht ó Éire Ildánach Phort Láirge.
ÓCÁID DÁTHEANGACH SAOR IN AISCE A BHEIDH ANN. Cuirfear sólaistí ar fáil agus ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré.
Déan teagmháil le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge ag msbreathnach@waterfordcouncil.ie nó Joanne Rothwell, Cartlannaí Chathair agus Chontae Phort Láirge ag archivist@waterfordcouncil.ie