Skip to content

Cuairt an Aire Jack Chambers chuig Gaeltacht na nDéise

Ag ócáid i gColáiste na Rinne, An Rinn, Co Phort Láirge, Déardaoin 14 Iúil, chas Jack Chambers,TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le ionadaithe de Comhlucht Forbartha na nDéise. I measc iad siúd sa phictiúr in aice leis an Aire ar dheis tá Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, Roinn na Gaeltachta (ar chúl); Vanessa Ní She, Oifigeach Pleanála Teanga do Ghaeltacht na nDéise; Siubhán Nic Ghrianna, Údarás na Gaeltachta agus Cabríní de Barra, Oifigeach Forbartha, Teanga Tí, Glór na nGael

Bhí Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le cúram don Ghaeltacht agus don Spórt i láthair ag ócáid a bhí ar siúl i gColáiste na Rinne, An Rinn, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge ar an Déardaoin seo caite, 14 Iúil. Thug an ócáid seo deis do eagraíochtaí agus pobal Ghaeltacht na nDéise an Plean Teanga atá ag feidhmiú ó 2018 – 2024 a cheiliúradh. D’eagraigh Comhlucht Forbartha na nDéise an imeacht le tacaíocht ó Udarás na Gaeltachta. Is é aidhm Comhlucht Forbartha na nDéise ná Clár Forbartha Pobal a chur chun cinn in éineacht leis an Plean Teanga de réir na beartais Teanga atá leagtha amach sa phlean. Tá deontas ar fáil ó Udarás na Gaeltachta.

Ar an oíche bhí soláistí ar fáil agus ceol. Bhí cúpla focal ó Cathaoirleach bhord Comhlucht Forbartha, an Bainisteoir Forbartha agus Príomhoide Choláiste na Rinne.

Dúirt Liam Suipéal, Cathaoirleach, Bord Comhlucht Forbartha na nDéise, “Fáiltíonn Comhlucht Forbartha na nDéise roimh chuairt an Aire Chambers agus lucht na Roinne ar Ghaeltacht na nDéise. Tá cabhair nach beag tugtha ag An Roinn d’fhorbairt na Gaeltachta anseo agus tá scéimeanna agus tograí áirithe déanta agus idir lámha againn sa Phlean Teanga a chuideoidh le muintir na háite agus lucht na Gaoluinne amach anseo.”

Dár leis an t-Aire Jack Chambers, Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt, “Táim fíorbhuíoch as ucht an fháilte a chur Comhlucht Forbartha na nDéise romham ag Coláiste na Rinne inniu. Ba mhaith an deis a bhí anseo casadh leis an gcoiste agus an tOifigeach Pleanála Teanga atá ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga a chur chun cinn i nGaeltacht na nDéise.

Is léir go bhfuil obair den scoth á dhéanamh sa Limistéar Pleanála Teanga seo ó a cheadaíodh an plean teanga in 2018, agus go bhfuil muintir na Déise fíor thiomanta do chur chun cinn na Gaeilge ina gceantar. Guím gach rath ar an obair atá á dhéanamh acu sa Limistéar Pleanála Teanga.”

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x