Skip to content

Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2023 – 2029

Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 48 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, go bhfuil Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2023 – 2029 ullmhaithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge dá limistéar riaracháin.

Is féidir cóip den Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha a scrúdú ag na háiteanna seo a leanas:

  • Ar líne ag http://consult.waterfordcouncil.ie
  • Oifig Cúraim Chustaiméirí, Sráid Nua Bailey, Port Láirge, X91 XH42 agus Oifig Cúraim
    Chustaiméirí, Oifigí Cathartha, Cé Dáibhéid, Dún Garbhán, Co. Phort Láirge, X35 Y326 i rith na n-uaireanta ó Luan go hAoine, 9:30r.n. go 4i.n. (oscailte tríd am lóin).

Tá fáilte roimh thuairimí nó aighneachtaí scríofa maidir leis an Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha ó dhaoine den phobal agus ó pháirtithe leasmhara eile le linn na tréimhse Dé Máirt 18 Deireadh Fómhair go dtí Dé Máirt 29 Samhain 2022, an dá lá sin san áireamh. Ná déan d’aighneacht ach trí mheán amháin mar seo a leanas, le do thoil, agus ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha:

  • Ar líne trí chlárú ar https://consult.waterfordcouncil.ie, nó
  • I scríbhinn, marcáilte “Dréachtscéim do Ranníocaíocht Forbartha 2023 – 2029” chuig an Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, Áras Menapia, An Meal, Cathair Phort Láirge.

Ba chóir go mbeadh d’ainm agus seoladh teagmhála, agus, nuair is iomchuí, sonraí faoi aon eagraíocht, grúpa pobail nó cuideachta srl., ar a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta, san áireamh i ngach aighneacht. Tabhair do d’aire go gcuirfear gach aighneacht ar fáil lena bhreathnú ag an bpobal ar shuíomh gréasáin comhairliúcháin na Comhairle. Caithfidh Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge le gach sonra pearsanta a thabharfaidh tú mar shonraí rúnda.

Coinneoimid do shonraí ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun an Scéim do Ranníocaíocht Forbartha a ullmhú agus de réir Pholasaí Coinneála Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus na reachtaíochta ábhartha um Chosaint Sonraí.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x