Skip to content

Éire Ildánach Phort Láirge Glao Oscailte 2022

Tá an clár Éire Ildánach bunaithe ar an gcultúr agus dearadh é chun dea-bhail an duine aonair agus an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. An bun tuiscint is ea go spreagann rannpháirtíocht i ngníomhaíocht chultúrtha an chruthaitheacht phearsanta agus chomhchoiteann agus go dtéann sin i bhfeidhm go suntasach dá réir ar bhail agus ar éifeacht an duine aonair agus na sochaí.

An aisling atá leis is ea:
‘Go mbeidh sé de dheis ag gach duine atá ina c(h)ónaí in Éirinn an tualaing chruthaitheach atá ann nó inti a bhaint amach ina hiomláine’

Mar is amhlaidh le gach Údarás Áitiúil faoin gclár Éire Ildánach, tugadh de chúram do Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Colún a Dó de na Cúig Cholún sa Chlár Éire Ildánach Náisiúnta a chur i bhfeidhm.

Colún 2
Comhphobail Chruthaitheacha – An Chruthaitheacht a Chumasú i ngach Comhphobal.
Faoin gClár Éire Ildánach tá iarratais ar thionscadail agus ar thionscnaimh a bheidh ar siúl in 2022 á lorg anois.

Tabharfar tús áite do thionscadail cruthaitheacha trasearnálacha agus comhoibritheacha a thagann ón bpobal, nó atá dírithe ar an bpobal. Chun go n-éireoidh le hiarratas, caithfidh iarrthóirí a léiriú conas a ndéanfar pobail a ghríosadh i slí ghníomhach chun a bheith níos cruthaithí.

An deontas is mó a bheidh ar fáil do thionscadal faoi leith sa bhabhta maoinithe seo is ea €8,000.

Cuirtear fáilte freisin roimh iarratais ar dheontais ar mhéideanna níos lú.
Beidh 75% de chostas ceadaithe an tionscadail ar fáil ó Chlár Éire Ildánach Phort Láirge mar thaca, agus íocfaidh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo 25% den chostas.
Tá cead ag grúpaí pobail agus deonacha, ag eagraíochtaí, ag ionaid, ag ealaíontóirí, ag scríbhneoirí, ag taibheoirí, ag seandálaithe, ag staraithe, ag cartlannaithe, ag scoileanna, ag coláistí agus ag daoine aonair a bhfuil in ann cion oibre a dhéanamh le leas na cruthaitheachta agus an chultúir i bPort Láirge iarratais a chur isteach.

An cuspóir is ea an tionscadal atá agat a nascadh le Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge 2018 – 2022 agus le ceann nó níos mó de Phríomhthéamaí Ghlao Oscailte 2022 Éire Ildánach Phort Láirge.

Tá Foireann Uirlisí le haghaidh Straitéis agus Phobail Chruthaitheacha Phort Láirge ar fáil ag http://www.waterfordcouncil.ie/departments/culture-heritage/creativeireland.htm

Chun iarratas a dhéanamh ní mór duit; Foirm Iarratais Ghlao Oscailte 2022 Éire Ildánach
Phort Láirge a chomhlánú agus a chur isteach ag www.bit.ly/waterfordopencall2022

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x