Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge cuireadh don phobal cabhrú chun Port Láirge níos cuimsithí a mhúnlú
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, i gcomhar le Comhpháirtíocht Spóirt Phort Láirge, tar éis tús a chur le Plean Spóirt Áitiúil a fhorbairt atá dírithe ar rannpháirtíocht i spórt agus i ngníomhaíocht choirp a mhéadú ar fud na Cathrach agus an Chontae.
Tá sé seo ag teacht le Beartas Náisiúnta Spóirt an Rialtais 2018–2027 agus tacaíonn Spórt Éireann leis faoi Ghníomhaíocht 8 den bheartas.
Séard a bheidh sa Phlean Spóirt ná creat ardleibhéil 5 bliana don chontae ar fad, ina mbeidh gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí spóirt agus coirp ar fud an Chontae a mhéadú agus Port Láirge níos gníomhaí agus níos sláintiúla a chothú. Áireofar ann roinnt tosaíochtaí faoi thrí théama straitéiseacha: Daoine agus Pobail Ghníomhacha, Spásanna agus Áiteanna Gníomhacha agus Cumarsáid agus Comhpháirtíochtaí Gníomhacha.
Tá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag tabhairt cuireadh don phobal freastal ar aon cheann de na ceithre cheardlann comhairliúcháin phoiblí a bheidh ar siúl sa chathair agus sa chontae i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair.
De réir Sinéad Breathnach, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Rannóg Pobail agus Spóirt Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, ní féidir an iomarca béime a leagan ar na tionchair dhearfacha a bhíonn ag gnáth-rannpháirtíocht spóirt agus choirp.
“Tá na buntáistí forleathan agus ní hamháin go mbíonn tionchar dearfach acu ar an meabhairshláinte agus ar an tsláinte choirp, ach méadaíonn siad an idirghníomhaíocht shóisialta freisin, cruthaíonn siad timpeallacht níos sláintiúla agus laghdaíonn siad costais cúraim sláinte níos fadtéarmaí sa tsochaí.
“Tabharfaidh na ceardlanna comhairliúcháin phoiblí seo deis don phobal a dtuairimí agus a léargais a roinnt agus cabhrú linn chun Port Láirge níos cuimsithí, níos gníomhaí agus níos sláintiúla a mhúnlú.”
Beidh na ceardlanna comhairliúcháin phoiblí éascaithe ar siúl idir 6pm agus 8pm sna háiteanna seo a leanas:
- Ionad Pobail Rainbow, Coill Mhic Thomáisín, X42 XW90, Dé Luain 29 Meán Fómhair
- Óstán na Páirce, Dún Garbhán, X35 CC97, Dé Máirt 30 Meán Fómhair
- Óstán Dooleys, Port Láirge, X91 P86C, Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair
- Óstán Majestic, Trá Mhór, X91 WC1Y Déardaoin 2 Deireadh Fómhair
Tá na himeachtaí seo saor in aisce, agus tá fáilte roimh chách freastal orthu, ach is fearr clárú roimh ré. Is féidir leat é sin a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig gmulhall@waterfordcouncil.ie
Beidh deis ann chomh maith do thuairimí a chur isteach trí shuirbhé comhairliúcháin ar líne, a bheidh ar fáil go luath.
Is mian linn go léir cabhrú chun Port Láirge níos ionchuimsithí a chruthú.