Skip to content

LÉARSCÁIL NUA AR LÍNE DO CHOGADH NA SAOIRSE I bPORT LÁIRGE

Ar an meánlae are an 11 Iúil 1921 fógraíodh sos cogaidh i gCogadh na Saoirse agus cuireadh tús le comhráití chun deireadh a chur leis an gcogadh. Chun comóradh a dhéanamh ar dheireadh an tréimhse seo agus tús an chéad tréimhse eile i nDeich mBliana na gCuimhneachán, tá Coiste Cuimhneacháin Phort Láirge tar éis Léarscáil Scéalaíochta ar líne a chur le chéile agus a fhoilsiú. Léirítear scéal agus ionaid imeachtaí Chogadh na Saoirse i gCathair agus i gContae Phort Láirge ar an léarscáil seo. Féach thart ar an léarscáil agus fáil amach mar gheall ar imeachtaí Chogadh na Saoirse i bPort Láirge ón nasc ar shuíomh idirlíon na Comhairle https://bit.ly/32yD0PV

Miss English’s Pub, 1921
Image copryight to and courtesy of Waterford County Museum

Tá sé mar aidhm ag an Léarscáil Scéalaíochta na himeachtaí polaitiúla agus míleata de chuid Chogadh na Saoirse a mhapáil agus scéalta na n-imeachtaí seo a chur ar fáil. Tá léarscáileanna a thaispeánann na hionsaithe a dheineadh ar Bheairicí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann; na luíocháin agus na ruathair a dhein Briogáidí Óglaigh na hÉireann agus gníomhaíochtaí Cholún Reatha Iarthar Phort Láirge. Chomh maith leis sin, tugann an Léarscáil Scéalaíochta an scéal taobh thiar des ha himeachtaí seo agus cinn eile ar nós, ionsaithe Arm na Breataine ar oifigí an Bhardais agus na Chomhairle; bearta díoltas Arm na Breataine ar bhailte Dhún Garbhán agus an Leasa Mhóir, maraon le básanna tragóideacha shibialtaigh.

Go tragóideach, tháinig an sos cogaidh ró-dhéanach dóibh siúd a bhfuair bás de bharr mianach talún i gCill Ghobnait i bPort Láirge ar an 8 Iúil 1921. Seo a leanas na daoine a bhfuair bás:

Thomas Dahill, oibrí bóthair 27 mbliana d’aois ó Chill na bhFraochán Thiar

James Dunford, mac feirmeora 19 mbliana d’aois ó Chnocán na nGlún

William Dunford, saothraí 29 mbliana d’aois ó Chill na bhFraochán

Richard Lynch, 29 mbliana d’aois ó Inse an Drisligh

Seán Quinn, oibrí feirme 19 mbliana d’aois ó Bhaile Mhic Mhág Theas agus Óglach le hÓglach na hÉireann

Thomas Burke, Inse an Drisligh, 32 bhilian d’aois, mac feirmeora

Níl anseo ach cheann amháin d’imeachtaí Chogadh na Saoirse a bhfuil cuntas air i Léarscáil Scéalaíochta Chogadh na Saoirse Phort Láirge.

B’é Niall Murray a dhein an taighde ar an eolas agus téacs do na léarscáileanna seo ar son Choiste Cuimhneacháin Phort Láirge, le hionchur ó Joanne Rothwell, Cartlannaí Chathair agus Chontae Phort Láirge agus eagarthóireacht le Cian Flaherty. Chuir Músaem Chontae Phort Láirge go leor des na híomhánna a úsáideadh mar mhaisiúchán don téacs agus léarscáileanna ar fáil agus ba í Bernadette Guest, Oifigeach Oidhreachta a chur go leor des na híomhánna úrnua ar fáil. Fuair an tionscadal seo tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Clár Deich mBliana na gCuimhneachán 1913-1923.

Ag labhairt dó maidir leis an léarscáil a bheith ar fáil do phobal, deir Michael Farrell, Cathaoirleach Choiste Cuimhneacháin Phort Láirge go bhfuil an Coiste tiomanta taifead a dhéanamh ar stair Dheich mBliana na gCuimhneachán agus é a roinnt le muintir Phort Láirge. Tá an Coiste ag obair le daoine aonarcha agus le grúpaí chun a chinntiú go ndéanfar an stair so a thaifead agus a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht. Is mian leis an gCoiste chomh maith iarraidh ar an bpobal cahbrú leo trí iomhánna (úrnua nó sean) de Bheairicí Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a chur ar fáil dóibh. Má tá aon íomhánna nó eolas agatsa gur mhaith leat a chur ar fáil chun cabhrú leis an léarscáil a uasdátú, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh leis an gCartlannaí ag archivist@waterfordcouncil.ie

Níl sé i gceist gur taifead gan athrú a bheidh sa léarscáil seo – tagann fianaise nua chun cinn de réir mar a dhéantar a thuilleadh taighde agus le cabhair ón bpobal, is féidir íomhánna nua a chur leis an léarscáil i gcónaí.

Is féídir leat an nasc go dtí an Léarscáil Scéalaíochta, maraon le sonraí chlár na dtionscadal do 2021 a fháil ar líne a shuíomh idirlíon na Comhairle www.waterfordcouncil.ie nó https://bit.ly/32yD0PV

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments

[…] LÉARSCÁIL NUA AR LÍNE DO CHOGADH NA SAOIRSE I bPORT LÁIRGE […]

View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x