Oileán na Samhlaíochta – Camchuairt Liteartha na hÉireann
Beidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, Éilís Ní Dhuibhne, ag tabhairt faoi chamchuairt liteartha na hÉireann ar thuras taiscéalaíochta timpeall na hÉireann. Éilís Ní Dhuibhne i gcomhrá le hAnna Heusaff and Réaltán Ní Leannáin. Tabhair faoi deara gur imeacht dátheangach é seo i nGaeilge agus i mBéarla.
7pm Dé Satharn 14 Márta 2026, Leabharlann Dhún Garbhán, Cé Davitt, Dún Garbhán. Níl aon chostas ar na ticéid, ach ní mór áit a chur in áirithe. Fáilte roimh chách.Chun d’áit a chur in áirithe, cuir glaoch ar Leabharlann Dhún Garbhán ar 058 21141.
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach. Tá an t-imeacht seo i gcomhpháirt le Leabharlanna Phort Láirge.
-críoch-