Skip to content

Plean Teanga Dhún Garbhán ceadaithe

Ag ócáid in Ionad Ealaíon Seanteach an Mhargaidh i nDún Garbhán Déardaoin 14 Iúil, d’fhógair Jack Chambers,TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le cúram don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go bhfuil plean teanga Dhún Garbhán ceadaithe.

Ciallíonn seo go bhfuil Dún Garbhán aitheanta go hoifigiúil mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta anois.

D’fhógair an tAire Stáit chomh maith go mbeidh €80,000 sa bhliain á chur ar fáil chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean teanga thar thréimhse seacht mbliana.

Ag an ócáid, chuir Méara Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge John O’Leary fáilte roimh an bPlean Teanga ag rá go dtacóidh sé leis an Ghaeilge a chur chun cinn i nDún Garbhán ar mhaithe le pobail Dhún Garbhán agus Gaeltacht na nDéise.

Deir Dónal Ó Conghaile, Cathaoirleach Dhún Garbhán le Gaeilge, an coiste áitiúil atá aitheanta go hoifigiúil chun an Plean Teanga a fhorbairt, go bhfuil sé léirithe go soiléir go bhfuil tábhacht faoi leith ag Dún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus go bhfuil gaol láidir agus fad bunaithe idir muintir an bhaile agus muintir Ghaeltacht na nDéise.

Thug sé le fios go mbeidh deis anois Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú don bhaile chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar, le béim ar thacaíochtaí do teaghlaigh agus daoine óga, do ghnóthaí agus oideachais agus don bpobal go ginearálta.

Dúirt sé gur mapa bóthair atá i bPlean Teanga Dhún Garbhán atá bunaithe ar chomhairliúchán leathan agus a thugann léiriú cruinn ar mhianta mhuintir Dhún Garbhán agus máguaird, Gaeltacht na nDeise san áireamh i leith an Ghaeilge.

‘’Tá mé ag súl go mór chomh maith go mbeidh spéis ag breis daoine ón bpobal a bheith mar bhaill de Dhún Garbhán le Gaeilge chun tacú leis an bPlean a chur i gcrích. Faoi láthair táimid ag obair ar stádas Comharchumann a fháil do Dhún Garbhán le Gaeilge agus bheadh na múrtha fáilte roimh aon duine atá suim acu i chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar a bheith mar bhall,’’ ar sé.

I láthair chomh maith ag an ócáid leis an Aire Jack Chambers bhí Mary Butler TD, Aire Meabhairshláinte agus Daoine Aosta agus Teachta Dála i bPort Láirge; Teachtaí Dála agus Comhairleoirí ón gcontae, Michael Walsh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, ionadaithe ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon Spóirt agus Meán, Foras na Gaeilge, Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge, gnóthaí an bhaile agus pobal na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Údarás na Gaeltachta, Glór na nGael, Cumann Tráchtála Dhún Garbhán agus Gaeilge Dhún Garbhán agus máguaird, Gaeltacht na nDéise san áireamh.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x