Skip to content

Scéim Mhoillithe Tráchta – Oibreacha Breise Feabhsúcháin Bóthair feadh an R-674 An Rinn

CINÉAL COMHAIRLIÚCHÁIN: OSCAILTE LE hAIGHNEACHTAÍ
DÁTA DEIRIDH: 14ú Meitheamh, 2022

Tá sé beartaithe ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge tabhairt faoi oibreacha breise feabhsúcháin bóthair feadh an R-674 An Rinn. I measc na n-oibreacha molta beidh leathnú ar na cosáin reatha ar an taobh thuaidh den R-674 go dtí leithead íosta 2.0m, ag síneadh soir ó Scoil Náisiúnta na Rinne chomh fada le Tigh Tábhairne Uí Mhaonaigh agus leathnú na gcosán go 3.0m ó Thigh Tábhairne Uí Mhaonaigh chomh fada le Meánscoil San Nioclás. Tógfar sraith de shíntí starracha ar an taobh theas de charrbhealach an R-674, ag síniú siar ó Thigh Tábhairne Uí Mhaonaigh i dtreo Scoil Náisiúnta na Rinne, ar mhaithe leis an trácht a mhaolú feadh an R-674.

Cuirfidh cúngú an charrbhealaigh go leithead lána 3.0m agus leathnú na gCosán maolú tráchta éifeachtach ar fáil agus cuirfidh sé timpeallacht níos sábháilte ar fáil do gach úsáideoir bóthair. Cuirfidh na hoibreacha maolaithe tráchta seo feadh na gCosán a tógadh roimhe seo agus na hoibreacha maolaithe tráchta a cuireadh i gcrích in 2021 mar chuid den Chlár Taistil Ghníomhaigh timpeallacht shábháilte ar fáil do gach úsáideoir bóthair.

Tá an líníocht ar fáil lena scrúdú ag an bpobal ar shuíomh gréasáin na Comhairle www.waterfordcouncil.ie agus inár Ranna Seirbhísí Custaiméirí i gCé Daibhéid, Dún Garbhán agus Sráid Nua Bailey, Port Láirge ón 4 Bealtaine go dtí an 31 Bealtaine 2022.

Breithneoidh an Chomhairle aon aighneachtaí nó tuairimí a dhéantar i scríbhinn maidir leis an togra. Ba chóir aighneachtaí a chur isteach chuig Aideen Jacob, Oifigeach Riaracháin, Rannóg na mBóithre, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Áras Menapia, An Meal, Port Láirge nó trí ríomhphost chuig ajacob@waterfordcouncil.ie le bheith faighte faoin Máirt, an 14 Meitheamh 2022.

Doiciméid

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x