Skip to content

Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta 2026

Scéim Scoláireachtaí Gaeltachta 2026Tá áthas ar Oifig na Gaeilge, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge a fhógairt go bhfuil sé i gceist Scoláireachtaí Gaeltachta a bhronnadh ar dhaltaí meánscoile ó Phort Láirge chun freastal ar chúrsa i gColáiste na Rinne le linn Samhraidh 2026.

Bronnfar scoláireacht iomlán, nó dhá leath-scoláireacht ar dhalta(í) a chónaíonn i gCathair nó i gContae Phort Láirge (laistigh de limistéar riaracháin na Comhairle) chun freastal ar Chúrsa Samhraidh de chuid Choláiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach an samhraidh seo chugainn.

Deir Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge na Comhairle, “Is deis iontach iad cúrsaí samhraidh Choláiste na Rinne do dhaltaí chun an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht taitneamhach, sábháilte. Ní hamháin go mbeidh feabhas ag teacht ar a gcumas Gaeilge, ach gheobhaidh siad blaiseadh de chultúr agus d’oidhreacht na Gaeilge agus na Gaeltachta chomh maith, fad is a bheidh siad sa Rinn. Tá áthas ar an gComhairle a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do dhuine/dhaoine dul ar an aistear iontach seo sa Ghaeltacht.”

Is féidir an fhoirm iarratais agus na téarmaí agus coinníollacha do Scoláireachtaí Gaeltachta 2026 a fháil ag https://waterfordcouncil.ie/GaeltachtScholarships2026

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 5pm ar an Aoine, 31 Deireadh Fómhair 2025.

-críoch-

View All News