Skip to content

Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh sna Déise

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana, le réimse leathan imeachtaí á n-eagrú in áiteanna éagsúla ar fud an chontae agus na cathrach. Tá Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Leabharlainne na Comhairle agus Coiste Cúram Leanaí Phort Láirge, ag eagrú réimse imeachtaí idir an 1-17 Márta i gcomhair Sheachtain na Gaeilge 2018.

Scéalaíocht sa Leabharlann
Eagrófar roinnt seisiúin Scéalaíochta & Amhráin as Gaeilge do pháistí an-óg  (0-3 bhliain) agus do pháistí réamhscoile i leabharlanna éagsúla trasna na Cathrach agus an Chontae, le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge, mar a leanas:

  • Dé Máirt, 6 Márta @ 10.30r.n. i Leabharlann Dhún Garbhán (le Coiste Tuismitheoirí & Leanaí Ghlór na nGael)
  • Dé Céadaoin, 7 Márta @ 11r.n. i Leabharlann na Trá Móire (le Grúpa Tuismitheoirí & Páistí na Trá Móire)
  • Dé hAoine, 16 Márta @ 11r.n i Leabharlann Ard Chaoin (le grúpa Tuismitheoirí & Páistí Ard Chaoin)
  • Dé Máirt, 20 Márta @ 11r.n. sa Lárleabharlann, Cathair Phort Láirge (le Grúpa Tuismitheoirí & Páistí Lár na Cathrach)

Beidh na seisiúin saor in aisce seo oscailte don bpobal, agus beidh fáilte roimh thuismitheoirí/fheighlithe leanaí agus páistí óga a bheith linn. Chomh maith leis sin, beidh Jacqui i mbun scéalaíochta do ghrúpaí áitiúla i Leabharlanna Charraig Phiarais (Naíonra na nDéise), an Leasa Mhóir (Scallywags) agus an Bhaile Dhuibh (Butterflies).

Niall de Búrca
Beidh an seanachaí drámatúil, Niall de Búrca thar n-ais i bPort Láirge i gcomhair Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana. Ar an Déardaoin, 8 Márta beidh Niall ag cur siamsaíocht ar fáil do pháistí i nDún Garbhán, in Ard Chaoin agus i bPort Lách agus beidh os cionn 250 pháiste ag baint sult as a gcuid scéalaíochta an lá úd. Sonraí le fáil os na Leabharlanna go háitiúil.

Bingó as Gaeilge
Baineann páistí na nDéise an-taitneamh as na seisiúin Bingó as Gaeilge a n-eagraítear sna leabharlanna éagsúla gach bliain agus beidh Bingó as Gaeilge i siúl sna Leabharlanna seo a leanas arís i mbliana – Ard Chaoin (7ú Márta), Port Lách (15ú Márta) agus Bóthar Phádraig De Brún agus Dún Mór Thoir ar laethanta éagsúla (sonraí ar fáil go háitiúil). Reachtáilfear thart ar 15 seisiún le níos mó ná 350 páiste bunscoile le linn an chéad choicís i mí an Mhárta. Chomh maith leis sin, beidh Bingó as Gaeilge do sheanóirí i mbrainse na Trá Móire den leabharlann ar an Luan, 5 Márta @ 11.30r.n., le cupán tae/caifé agus císte ina dhiaidh. Má tá a thuilleadh eolais uait mar gheall ar aon cheann des na seisiúin Bingó seo, déan teagmháil le Treasa Mac an Aonaigh i Leabharlann Ard Chaoin ar 0761 10 2844.

Sa Chathair

Tráth na gCeist Dátheangach
Tá Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag eagrú Tráth na gCeist Dátheangach sa Cove Bar ar bhóthar Dhún Mhóir i bPort Láirge ar an Mháirt, 6 Márta @ 8.00i.n. Tráth na gceist spraoiúil a bheidh ann chun iachall a chur ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Bronnfar an t-airgead ar fad a bhaileofar mar dhuaiseanna agus beidh spotduaiseanna ar fáil chomh maith ar an oíche agus beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh. Mar sin, bígí linn sa Cove Bar i gcomhair roinnt chraic agus chomhrá!

Turasanna Stairiúla
Eagrófar Turasanna Stairiúla Dátheangacha thart ar Mhúsaem na Seod agus Pálás an Easpaig i bPort Láirge mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana. Bígí linn ag Pálás an Easpaig ar a 1.00i.n. ar an gCéadaoin, 7 Márta i gcomhair thuras dátheangach le Donnchadh Ó Ceallacháin agus beidh Donnchadh i mbun cainte arís i Músaem na Seod ar a 1.00i.n. ar an gCéadaoin, 14 Márta, agus beidh an dá thuras seo ar fáil ar chostas laghdaithe de €4. Fáilte roimh gach éinne.

Lón Gaeilge
Eagrófar Lón Gaeilge ar an Mháirt, 6 Márta i mbialann Espresso ar Bhóthar Pharnell i gCathair Phort Láirge óna 1-2.00i.n. Beidh fáilte roimh éinne gur mian leo teacht agus lón a bheith acu agus páirt a ghlacadh i gcomhrá agus i gcomhluadar Gaoluinne. Is féidir a thuilleadh eolais faoin Lón Gaeilge a fháil ó Shéamus ar (087) 241 3826.

Imeachtaí Eile

An Trá Mhór
Leanfar ar aghaidh le Ciorcal Comhrá na Trá Móire le linn mhí an Mhárta, le ‘Comhrá as Gaeilge’ sa Leabharlann gach oíche Dhéardaoin (1, 8 & 15 Márta) óna 7-8i.n. agus bíonn fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Mar sin, más mian leat do chúpla focal a úsáid, téir go dtí Leabharlann na Trá Móire aon oíche Dhéardaoin agus bain taitneamh as.

Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

críoch

Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge 0761 10 2884 / (087) 7434123

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x