Skip to content

Seachtain na Gaeilge sna Déise

Bain triail aisti – Seachtain na Gaeilge sna Déise le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Tá Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh i bPort Láirge arís i mbliana, le go leor imeachtaí á n-eagrú in áiteanna éagsúla ar fud an chontae agus na cathrach. Tá Oifigeach Gaeilge Phort Láirge ag obair i gcomhair le grúpaí éagsúla chun réimse leathan imeachtaí a chur le chéile, mar a leanas.

Seirbhís Leabharlainne Phort Láirge
Beidh go leor imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha ar siúl sna leabharlanna éagsúla sa chathair agus sa chontae sa choicís amach romhainn:

Bingó as Gaeilge do Pháistí – in Ard Chaoin, Port Lách, Bóthar de Brún agus sa Trá Mhór. Glacfaidh na céadta páistí ó scoileanna éagsúla páirt sna seisiúin seo agus is féidir na sonraí a fháil ó do Leabharlann áitiúil.

Scéalaíocht & Amhráin do Pháistí – le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge. Beidh seisiúin do ghrúpaí réamhscolaíochta faoi leith ar siúl sna leabharlanna in Ard Chaoin agus sa Lios Mór. Chomh maith leis sin, reachtáilfidh Jacqui seisiúin oscailte Scéalaíochta & Amhráin do pháistí an-óg (0-3 bhliain) sa Lárleabharlann agus sna háiteanna seo a leanas:

  • Leabharlann Dhún Garbhán – Dé Máirt, 3 Márta @ 10.30r.n.
  • Leabharlann Ard Chaoin – Dé hAoine, 6 Márta @ 11r.n
  • Leabharlann na Trá Móire – Dé Céadaoin, 11 Márta @ 11.00r.n.

Beidh na seisiúin saor in aisce seo oscailte don bpobal, agus beidh fáilte roimh thuismitheoirí/fheighlithe leanaí agus páistí óga a bheith linn.

Scéalaíocht do Pháistí – beidh seisiúin scéalaíochta á reachtáil i Leabharlann Bhóthar de Brún sa Chathair.

Scéalaíocht & Ceardaíocht – tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Muireann Ní Chíobháin i mbun scéalaíochta agus ceardaíochta le páistí sna Leabharlanna sa Trá Mhór agus i nDún Garbhán. Is taibheoir, scríbhneoir agus cruthaitheoir í Muireann agus aithne ag go leor daoine uirthi ó chláir do pháistí ar TG4 agus RTÉ Junior. Beidh Muireann i Leabharlann Dhún Garbhán ar an Mháirt, 11 Márta le páistí ó Scoil Mhuire, Dún na Mainistreach agus i Leabharlann na Trá Móire ar an Aoine, 13 Márta le páistí ó scoil Ghlór na Mara.

Gabhaimid buíochas le Jacqui de Siún ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge as ucht a gcomhoibriú agus tacaíochta chun na himeachtaí seo a eagrú sna leabharlanna éagsúla. Má tá a thuilleadh eolais uait mar gheall ar aon cheann des na himeachtaí sna Leabharlanna, déan teagmháil le Treasa Mac an Aonaigh i Leabharlann Ard Chaoin ar 0761 10 2844.

IMEACHTAÍ DO DHAOINE FÁSTA

Tráth na gCeist Dátheangach & Seisiún
Tá Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag eagrú Tráth na gCeist Dátheangach sa Cove Bar ar bhóthar Dhún Mhóir i bPort Láirge ar an Déardaoin, 12 Márta @ 8.30i.n. Tráth na gceist spraoiúil a bheidh ann chun iachall a chur ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid. Bronnfar an t-airgead ar fad a bhaileofar mar dhuaiseanna agus beidh spotduaiseanna ar fáil chomh maith ar an oíche agus beidh seisiún ceoil agus amhránaíochta ar siúl ina dhiaidh. Mar sin, bígí linn sa Cove Bar i gcomhair roinnt chraic agus chomhrá!

Lón Gaeilge
Eagrófar Lón Gaeilge ar an Mháirt, 5 Márta i mbialann Espresso ar Bhóthar Pharnell i gCathair Phort Láirge óna 1-2.00i.n. Beidh fáilte roimh éinne gur mian leo teacht agus lón a bheith acu agus páirt a ghlacadh i gcomhrá agus i gcomhluadar Gaoluinne. Is féidir a thuilleadh eolais faoin Lón Gaeilge a fháil ó Shéamus ar (087) 241 3826.

Ciorcail Chomhrá
Tá roinnt Chiorcail Chomhrá ag feidhmiú sna Déise agus cé go mbíonn fáilte roimh dhaoine i gcónaí, beidh fáilte faoi leith roimh dhaoine nua le linn Seachtain na Gaeilge.

Leanfar ar aghaidh le Ciorcal Comhrá na Trá Móire le linn mhí an Mhárta, le ‘Comhrá as Gaeilge’ sa Leabharlann gach oíche Dhéardaoin (5, 12, 19 & 26 Márta) óna 7-8i.n. Beidh oíche speisialta ar siúl ar an 12 Márta nuair a thiocfaidh cúpla Ciorcail Chomhrá le chéile sa Trá Mhór i gcomhair oíche shóisialta. Beidh grúpaí ó Dhún Garbhán agus Dúrlas ag teacht ar chuairt chun comhrá as Gaeilge lena gcomhpháirtithe sa Trá Mhór agus cupán tae agus cístí milise a roinnt! Mar sin, más mian leat do chúpla focal a úsáid, téir go dtí Leabharlann na Trá Móire aon oíche Dhéardaoin agus bain taitneamh as.

Leanfaidh Ciorcail Chomhrá na Cathrach ar aghaidh chomh maith – gach Céadaoin sa Cove Bar ar a 11.00 ar maidin; agus gach oíche Déardaoin i dTigh Tábhairne an Gingerman óna 9.00i.n. Tuilleadh eolais ó Aidan Barrett ar 087 2648363.

Buaileann grúpa sóisialta ‘Gaeilge Anseo’ le chéile gach Máirt in Óstán na Páirce, Dún Garbhán óna 7-8.30i.n. Gach eolas ó Chabríní de Barra ar 083 4455914. Chomh maith leis sin, bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i Leabharlann Dhún Garbhán ar an Déardaoin ar a 6.30i.n. Fáilte roimh éinne buaileadh isteach chucu ag aon am.

Mar sin, má tá suim agat freastal ar réimse imeachtaí trí Ghaeilge, nó do chúpla focal féin a chleachtadh, tá rud éigint duit le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bain sult as!

-críoch-

Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge
0761 10 2884 / (087) 7434123

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x