Skip to content

Seolann Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge Suirbhé chun Riachtanais Tithíochta Inacmhainne a thomhas

Affordable Housing SurveyTá Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag tabhairt cuireadh do dhaoine a spéis a chlárú chun cabhrú leo eolas a bhailiú ar an leibhéal éilimh ar Thithíocht Inacmhainne ar fud chathair agus chontae Phort Láirge.

Cabhróidh an t-eolas a bhaileofar ón suirbhé ar líne le riachtanais tithíochta áitiúla a aithint agus cuirfidh sé bonn eolais faoi phleanáil scéimeanna tithíochta inacmhainne amach anseo lena n-áirítear Scéimeanna Ceannaigh Inacmhainne, Scéimeanna Cíosa Costais agus an Scéim Réidh le Tógáil.

Cuireann Scéim Ceannaigh Inacmhainne an Údaráis Áitiúil tithe ar fáil ar phraghas laghdaithe do Cheannaitheoirí Céaduaire agus d’iarratasóirí Fresh Start, nach gclúdóidh a morgáiste agus a dtaisce comhcheangailte praghas margaidh an tí nuathógtha.

Chuir Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, An Comhairleoir Séamus Ryan fáilte roimh an suirbhé ag rá, “Is é bunphrionsabal an tsuirbhé seo ná léargas luachmhar agus praiticiúil a thabhairt ar fhorbairtí tithíochta inacmhainne ar fud Phort Láirge amach anseo, a fhreastalóidh go fírinneach ar éilimh na ndaoine atá incháilithe iarratas a dhéanamh.

“Agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ag iarraidh tithe níos inacmhainne a chur ar fáil, treoróidh torthaí an tsuirbhé soláthar tithe inacmhainne sna háiteanna a bhfuil gá leo. Mholfainn do gach iarratasóir ionchasach ar thithíocht inacmhainne an suirbhé a líonadh isteach, mar is iad na tuairimí seo a threoróidh agus a bheidh mar bhonn eolais do phleanáil scéimeanna tithíochta inacmhainne i bPort Láirge amach anseo.”

Tá tithe curtha ar fáil cheana féin ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge faoin Scéim Ceannaigh Inacmhainne ag Páirc an Fhia i mBaile Liam, Páirc na Gréine i gCill Bharra agus ag An Clós sa Trá Mhór, agus beidh siad ag iarraidh tithe breise a chur ar fáil amach anseo.

Tá tithe ar Cíos de réir Costais curtha ar fáil ag an gComhairle chomh maith ag Gort na hInse, Baile na nDéiseach. Socraítear cíosanna Tithe ar Cíos de réir Costais ar a laghad 25% faoi bhun rátaí an mhargaidh, bunaithe ar na costais a bhaineann leis na maoine a thógáil, a bhainistiú agus a chothabháil.

Tá an suirbhé ag teacht le hobair na Comhairle maidir le tithíocht inacmhainne a chur ar fáil lena díol agus lena ligean ar cíos faoin bplean ‘Tithíocht do Chách’ agus maidir le tithíocht inacmhainne a chur ar fáil dóibh siúd ar ioncam íseal go meánach.

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé ar Thithíocht Inacmhainne ar chumas na Comhairle cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le seachadadh, dearadh agus suíomh scéimeanna tithíochta inacmhainne agus riachtanais incháilitheachta amach anseo. Caithfear leis na sonraí go léir a bhaileofar faoi rún agus ní úsáidfear iad ach amháin chun cinneadh a dhéanamh maidir le conas is fearr tithíocht inacmhainne a sholáthar.

Tá an suirbhé ar oscailt ar líne anois go dtí Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair 2025 agus is féidir teacht air trí an nasc thíos.

Comhlánaigh an Suirbhé!

Is féidir fiosrúcháin maidir le Tithíocht Inacmhainne a sheoladh ar ríomhphost chuig affordablehomes@waterfordcouncil.ie

-CRÍOCH-

View All News