Skip to content

Tagann draíocht na Oscars go dtí an scáileán mór i nDún Garbhán

Mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge, reáchtáil Oifig Gaeilge Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, i gcomhar le Dún Garbhán le Gaeilge, taispeántas speisialta de ‘An Cailín Ciúin’ i bPictiúrlann SGC Dhún Garbhán ar an Déardaoin, 9 Márta. 2

Cuireadh tús le taispeáint an chéad scannáin Ghaeilge a ainmníodh do Oscar don Scannán Idirnáisiúnta is Fearr le fáiltiú deochanna d’aíonna ar tugadh cuireadh dóibh, ina measc siúd daoine le naisc leis na Déise acu a raibh ról acu sa scannán. Bhí bailiúchán buicéad ann chomh maith do charthanacht áitiúil, RNLI Cheann Heilbhic agus Dún Garbhán.

I measc na n-aíonna speisialta ar an oíche bhí Neans Nic Dhonncha agus Elaine O’Hara. Iníon í Neans le Sorcha Ní Chéilleachair agus gariníon í le Tomás Ó Chéilleachair agus Ann Mulqueen ón Rinn. Bhí páirt Ghráinne aici sa scannán, agus bhí páirt Áine sa scannán ag Elaine, atá pósta ar Chian Ó Conchúir ón Rinn.

Labhair An Comhairleoir John O’Leary, Méara Chathair agus Chontae Phort Láirge, leis an lucht féachana i nGaeilge agus i mBéarla ag rá, “Is mór an onóir dom a bheith anseo tráthnóna inniu chun ceiliúradh a dhéanamh ar an rath iontach atá ar An Cailín Ciúin. Mar an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh d’Oscar, chuaigh an scannán seo go mór i gcion ar chroíthe agus ar aigní lucht féachana ar fud an domhain.

“Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an scéal suite inár nGaeltacht féin anseo i gContae Phort Láirge agus gurb í duine de phríomh-aisteoirí an scannáin ná Carrie Crowley ó Phort Láirge, tá sé do-chreidte. Beidh Port Láirge i lár an aonaigh ag na Oscars — nach iontach an scéal é!

“Cuireann rath An Cailín Ciúin ar ár gcumas ceiliúradh a dhéanamh ar an tallann iontach i dtionscal na scannán agus na teilifíse Gaeilge. Tá sé seo aitheanta againn le fada an lá sa chuid seo de Chontae Phort Láirge, le rath ar an gcomhlacht léiriúcháin fadbhunaithe, Nemeton TV sa Rinn, chomh maith lena leithéidí Foley Films/An Corsaiceach agus Red Shoe Productions, comhlachtaí áitiúla a bhfuil cláir spóirt, ceoil, fíriciúla agus faisnéise den scoth curtha ar fáil acu do TG4 agus do chainéil teilifíse eile sa bhaile agus thar lear.

“In ainneoin a sceideal trom roimh Oíche na Oscars, sheol Carrie Crowley teachtaireacht álainn físeáin chuig an lucht féachana agus dúirt sé “Tá an-áthas orm go bhfuil sibh ar fad i nDún Garbhán anocht chun An Cailín Ciúin a fheiceáil. Tá an scannán seo ar cheann de na rudaí is taitneamhaí a rinne mé riamh i mo shaol. Is seod beag álainn é An Cailín Ciúin dúinne ar fad a d’oibrigh air mar chriú, mar aisteoirí, mar stiúrthóirí agus mar léiritheoirí agus mar scríbhneoirí.

“Bhí sé chomh speisialta sin; an script sin, an scéal agus an rud is tábhachtaí… an cailín a fuaireamar, Catherine Clinch, a ghlac páirt Cáit sa scannán…bhí sí díreach foirfe.”

Thaithin an scannán go mór leis an lucht féachana agus tar éis an taispeántais, reachtáil Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge seisiún cheisteanna agus freagraí le Neans Nic Dhonncha agus Elaine O’Hara.

I ndiaidh na hócáide dúirt Máire Seó, “Táimid thar a bheith sásta maidir le conas mar a thaitin an scannán leis an lucht féachana, chomh maith leis an teachtaireacht ó Carrie agus an léargas ón mbeirt aisteoir a bhí mar chuid d’eispéireas iomlán An Cailín Ciúin. Tá mé chomh buíoch go raibh siad in ann a bheith linn anocht.

“Mar Oifigigh Ghaeilge in Údaráis Áitiúla, is é an ról atá againn úsáid ár dteanga dhúchais a chur chun cinn agus a éascú. Léiríonn scannáin Ghaeilge ar nós An Cailín Ciúin agus Róise & Frank, a deineadh a scannánú i nGaeltacht na nDéise, an Ghaeilge mar theanga bheo agus bheoga, agus tá áthas an domhain orm gur féidir linn é seo a cheiliúradh anocht mar chuid dár gclár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Buíochas le gach duine a bhí páirteach in ócáid na hoíche anocht.

“Guímid gach rath ar An Cailín Ciúin ag na Oscars an tseachtain seo chugainn — go n-éirí leo!”

-críoch-

 

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x