Skip to content

Tionól na nDéise 2017 ar ais sa Rinn mar chuid de Thionól Niocláis Tóibín

2017-02-06_1348Beidh an chéad chaint i sraith imeachtaí Thionól na nDéise 2017 de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, ar siúl i Rinn Ó gCuanach ar an Satharn, 18 Feabhra ag a 3.00i.n. i gColáiste na Rinne. Reachtáilfear an Tionól mar chuid de chlár imeachtaí Thionól Niocláis Tóibín, féile deireadh seachtaine a bheidh ar siúl sa Rinn ón 17-19 Feabhra.

Sé an tOllamh Pádraig Ó Macháin, atá ina Cheann Roinne i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí, a bheidh i mbun cainte ag Tionól na nDéise an babhta seo. Labharfaidh An tOllamh Ó Macháin faoin dteideal “Pádraig Ó Miléadha agus an Fiannaidhe Fáin”, agus é ag díriú isteach ar oidhreacht file agus scríbhneoir cáiliúil na nDéise, Phádraig Uí Mhiléadha, a d’fhág seoda luachmhara filíochta agus amhránaíochta ina dhiaidh, ar nós Sliabh Geal gCua agus Trí Glúine Gaedheal.

Ceapadh Pádraig Ó Macháin, arbh as an Lios Mór dó ó dhúchas, ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh sa mbliain 2012. Bhí sé mar Ollamh i Scoil an Léinn Cheiltigh , Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath roimhe san. Tá an-chur amach ag Pádraig ar chúrsaí agus ar thraidisiúin na lámhscríbhinní sa tír seo, maraon le stair an leabhair in Éirinn agus an-chuid foilsithe aige sa réimse taighde seo. B’é Pádraig a bhunaigh agus a stiúraigh an tionscadail digitithe Irish Script on Screen (ISOS) in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina eagarthóir agus foilsitheoir ar dhá iris chomh maith: Ossory Laois and Leinster, agus An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise.

Sraith chainteanna is ea Tionól na nDéise, a eagraíonn Oifig na Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge in áiteanna éagsúla ar fud an chontae gach bliain. Tá Tionól na nDéise na Rinne á eagrú i gcomhar le lucht eagraithe Thionól Niocláis Tóibín agus tá sé mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad.

Mar sin, beidh fáilte roimh gach aoinne chuig Coláiste na Rinne ar an Satharn, 18 Feabhra ar a 3.00i.n. don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar cheiliúradh ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár stair dhúchasach.

Subscribe
Notify of
0 Comments
Inline Feedbacks
View all comments
View All News
0
Would love your thoughts, please comment.x
()
x