Skip to content

Gearóid Denvir ag Tionól Niocláis Tóibín

Gearóid Denvir ag Tionól Niocláis Tóibín

Sé Gearóid Denvir a bheidh mar aoichainteoir Thionól na nDéise de chuid Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ag Tionól Niocláis Tóibín, a bheidh ar siúl sa Rinn ón 30 Eanáir – 2 Feabhra i mbliana.

Eagraithe ag Oifig na Gaeilge de chuid na Comhairle, beidh Léacht an Tionóil ar siúl i gColáiste na Rinne sa Rinn ar an Satharn seo chugainn, 31 Eanáir ar a 3.00pm agus beidh fáilte roimh chách freastal ar an ócáid saor in aisce seo.

Sé an teideal a bheidh ar chaint Ghearóid Denvir ná “Déiseach agus Dub: Ag cur aithne ar Phádraig Ó Miléadha.” Múinteoir agus file ba ea Pádraig Ó Miléadha as na Sceichíní i Sliabh gCua agus sé a scrígh an t-amhrán Gaeilge is mó a áirítear le ceantar na nDéise, ‘Sliabh Geal gCua’. Tar éis do Ghearóid a bheith i mbun chainte, beidh eagrán nua-fhoilsithe den leabhar Trí Glúine Gael le Pádraig Ó Miléadha (atá foilsithe ag Leabhar Breac agus curtha in eagar ag Gearóid féin) á seoladh go hoifigiúil ag Ciarán Ó Gealbháin ón Seanaphobal. Séard atá sa leabhar ná atheagrán bunaithe ar an leagan foilsithe agus ar leagan lámhscríofa an fhile féin, chomh maith le nótaí agus aiste chritice le Gearóid Denvir.

Bhí Gearóid Denvir ina Ollamh Bunaithe sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus chaith sé sealanna ag teagasc in Ollscoil Hamburg, UCD, Boston College agus Ollscoil Toronto. I measc na leabhar atá foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht agus de chultúr na Gaeilge tá: Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain (1987), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), Litríocht agus Pobal (1997), Duanaire an Chéid (2000), Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (2010), An Peann is a bhfuil ann (2021) agus Oidhreacht Sheáin Uí Riada (2022). Bhunaigh sé Coláiste Chamuis, coláiste samhraidh lánGhaeilge, sa bhliain 1973, agus bhí sé é ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge, 2019-20. Fear mór peile agus iománaíochta freisin é agus tá sé gníomhach i gcónaí ina chlub áitiúil, Mícheál Breathnach in Indreabhán, Co na Gaillimhe.

Tá an ócáid seo mar chuid de chlár iomlán imeachtaí ceoil, amhránaíochta agus scléipe a bheidh ar siúl sa Rinn thar an deireadh seachtaine ar fad. Faigh a thuilleadh eolais faoi Thionól Niocláis Tóibín ag: https://www.facebook.com/tionol.nioclas/

Mar sin, beidh fáilte roimh gach aoinne go dtí Coláiste na Rinne ar an Satharn, 31 Eanáir ar a 3.00pm don ócáid saor in aisce seo, ag a ndéanfar cheiliúradh ar ár dteanga, ár n-oidhreacht agus ár stair dhúchasach.

-críoch-

View All News