Mar gheall ar an reachtaíocht is déanaí, tá an próiseas clárúcháin le haghaidh vótála athraithe anois.
fiú má tá tú cláraithe cheana féin, ní mór duit anois do UPSP, do dháta breithe agus Eircode a chur le do phróifíl.
Ligfidh sé seo don údarás áitiúil do chuid sonraí a dhearbhú agus cabhróidh sé le cruinneas an chláir toghthóirí a chinntiú.
- Ar an gcéad dul síos, bain úsáid as, le do thoil an suíomh Gréasáin Seiceáil an Clár chun clárú, nó chun do shonraí a dheimhniú/a nuashonrú.
- Mar mhalairt air sin, is féidir foirmeacha páipéir (féach thíos) a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig: An Rannóg Toghchórais, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Halla na Cathrach, An Meal, Port Láirge, X91PK15.
- Tabhair faoi deara go bhfuil sé a freagracht an duine féin a chinntiú go bhfuil siad cláraithe (nó díchláraithe), go bhfuil a gcuid sonraí láithreacha ceart, agus/nó aon athruithe riachtanacha ar a sonraí clárúcháin, lena n-áirítear athrú seolta, a chur in iúl don údarás áitiúil.