Earcaíocht : (1) Oifigeach Cúnta Páirceanna & Tírdhreacha, (2) Cléireach na nOibreacha
- Oifigeach Cúnta Páirceanna & Tírdhreacha
- Cléireach na nOibreacha
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí ar mian leo a bheith curtha san áireamh do na painéil thuas.
Tá Foirmeacha Iarratais agus Leabhráin Eolais d’Iarrthóirí le haghaidh na nithe thuas ar fáil le híoslódáil ó shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge https://waterfordcouncil.ie/departments/human-resources/vacancies.htmwww.waterfordcouncil.ie
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh le ríomhphost chuig earcaíocht@waterfordcouncil.ie ag lua go soiléir an seasamh a ndearnadh iarratas air sa líne ábhair tráth nach déanaí ná 4p.m. ar an Déardaoin, 9th Feabhra, 2023.
Ní ghlacfar le cóipeanna crua.
Ní mór foirm iarratais oifigiúil a chomhlánú ina hiomláine roimh an dáta deiridh don chomórtas. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacfar le leasuithe ar an iarratas tar éis an dáta deiridh.
Seol d’iarratas ó sheoladh ríomhphoist a athbhreithneoidh tú go rialta le do thoil mar is tríd an seoladh ríomhphoist sin amháin a dhéanfar cumarsáid le linn na tréimhse measúnaithe/roghnúcháin.