Scipeáil chuig ábhar

An Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (LCDC)

Tá príomhfhreagracht ar an LCDC as maoiniú forbartha áitiúla, pobail agus tuaithe a chomhordú, a phleanáil agus a mhaoirsiú.

Cúlra an LCDC


In 2012, foilsíodh an doiciméad beartais ‘Ag Tús Áite do Dhaoine’ agus leagann sé seo amach athchóirithe chun feabhas a chur ar sheachadadh seirbhísí don saoránach, chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht níos fearr a sholáthar agus chun ról níos lárnaí a thabhairt don rialtas áitiúil i bhforbairt áitiúil agus pobail.

An An tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 a thugann éifeacht reachtach do na gealltanais in ‘Ag Tús Áite do Dhaoine’ lena n-áirítear:

  • Bunú Coiste Forbartha Pobail Áitiúil, mar fho-choiste den Chomhairle Cathrach agus Contae
  • Ullmhúchán Plean Áitiúil Eacnamaíoch & Pobail sé bliana ag Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge

Cuspóir an LCDC


  • A bheith freagrach go príomha as maoiniú forbartha áitiúla, pobail agus tuaithe a chomhordú, a phleanáil agus a mhaoirsiú
  • Cur chuige níos comhcheangailte a thabhairt isteach maidir le cláir agus idirghabhálacha forbartha áitiúla agus pobail a chur i bhfeidhm
  • Rannpháirtíocht bhríoch saoránach agus pobail i gcláir forbartha áitiúla agus pobail a spreagadh
  • Riar níos cost-éifeachtúla a leanúint ar chláir forbartha áitiúla agus pobail agus ar struchtúir seachadta, acmhainní a mheaitseáil le tosaíochtaí agus luach níos fearr ar airgead
  • Fócas ar fhoghlaim agus ar aiseolas, ag cur leis na naisc idir seachadadh seirbhíse agus forbairt beartais. Deiseanna a shaothrú do mhaoiniú breise don cheantar

Feidhmeanna an LCDC


  • Na heilimintí pobail den Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail a ullmhú, a ghlacadh, a chur i bhfeidhm, agus monatóireacht a dhéanamh orthu
  • Ráiteas a bhreithniú agus a ghlacadh maidir le gnéithe eacnamaíocha an Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail
  • Feabhas a chur ar chomhordú na gclár maoinithe go poiblí lena n-áirítear an Clár Forbartha Pobail Áitiúil, an Clár Forbartha Tuaithe agus an Clár Gníomhaíochta Pobail um Chuimsiú Sóisialta agus dúbailt a laghdú.
  • Tuarascáil bhliantúil a ullmhú ar chomhlíonadh a chuid dualgas