Scipeáil chuig ábhar

An Coiste Logainmneacha

Bunaíodh An Coiste Logainmneacha i mí na Samhna 2002, le ceithre phríomhaidhm:

  • Ainmneacha oiriúnacha Gaeilge amháin nó dátheangacha a mholadh d’fhorbairtí tithíochta údaráis áitiúil
  • Oibriú i gcáil chomhairleach le forbróirí príobháideacha chun ainmneacha cuí a mholadh le haghaidh tithíochta agus forbairtí eile
  • Cinntiú go bhfuil na logainmneacha Gaeilge agus Béarla i gcomharthaí bóithre na n-údarás áitiúil ar fud an chontae cruinn
  • Seirbhís aistriúcháin saor in aisce a thairiscint do ghnóthaí sa chontae ar mian leo comharthaí Gaeilge a chur suas

Is í aidhm fhoriomlán an Choiste Logainmneacha ná a chinntiú, chomh fada agus is féidir, go bhfuil ainmneacha eastáit oiriúnach agus go léiríonn siad oidhreacht shaibhir chultúrtha Phort Láirge. Duine ar bith ar mian leo leas a bhaint as seirbhísí ó An Coiste Logainmneacha teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar 058-22001 nó msbreathnach@waterfordcouncil.ie ‌

Acmhainní Logainmneacha


An láithreán gréasáin www.logainm.ie Is acmhainn iontach é freisin d’aon duine a bhfuil spéis acu i logainmneacha, agus do dhuine ar bith atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi na hainmneacha seo atá thart orainn.

Ní hamháin gur féidir leat cuardach a dhéanamh ar logainmneacha aonair sa bhunachar sonraí ollmhór atá curtha le chéile ag an mBrainse Logainmneacha, is féidir leat teacht ar raon leathan faisnéise breise faoi na rannáin ‘Acmhainní Faisnéise’ agus ‘Acmhainní Oideachais’.

Tá roinnt foilseachán luachmhar logainmneacha Phort Láirge ( Logainmneacha Paróiste na Rinne , Co Phort Láirge agus Logainmneacha na nDéise ) digitithe. agus tá siad ar fáil anseo.

Ina theannta sin, tá roinnt seanléarscáileanna áille ar an suíomh ó Co. Phort Láirge (agus contaetha eile) ar féidir leat breathnú ar anseo.