Scipeáil chuig ábhar

Bailte Seirbhíse Gaeltachta

De réir Acht na Gaeltachta 2012, tá Dún Garbhán ar cheann de 16 ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’ – .i. bailte atá “suite laistigh nó cóngarach do Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus a bhfuil ról suntasach acu i soláthar seirbhísí poiblí, áiseanna áineasa, sóisialta agus tráchtála. do na ceantair sin”.

Faoi na Rialacháin, beidh aitheantas oifigiúil á lorg ag Dún Garbhán mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus tá coiste áitiúil, Dún Garbhán le Gaeilge, bunaithe cheana féin chun tabhairt faoin bpróiseas seo. Beidh ar an gcoiste seo Plean Teanga a dhréachtadh agus a chur i bhfeidhm do bhaile Dhún Garbhán. Plean pobail a bheidh anseo, a bheidh dírithe ar úsáid na Gaeilge a mhéadú sa bhaile, sa phobal, san oideachas, i ngnó agus go poiblí. Oibreoidh an coiste le páirtithe leasmhara ar fud an bhaile chun an plean seo a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Más mian leat a bheith mar chuid den phróiseas seo, nó suí ar an gcoiste, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:

Tá tuilleadh eolais ar an bPróiseas Pleanála Teanga agus na Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar fáil ag: