Is éard is seandálaíocht ann ná staidéar ar shochaithe san am a chuaigh thart tríd na hiarsmaí ábhartha a d’fhág na sochaithe sin agus trí fhianaise a dtimpeallachta.
Oidhreacht Chultúrtha
Oidhreacht Seandálaíochta
Meastar gur gnéithe den oidhreacht seandálaíochta iad gach iarsmaí agus réad agus aon rian eile den chineál daonna ón am atá thart.
Déan iniúchadh ar na suíomhanna seandálaíochta atá i do cheantar féin agus ar fud Chathair agus Chontae Phort Láirge
Leigh Nios mo
Cad iad na dlíthe a chosnaíonn ár nOidhreacht Chultúrtha?
Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as ár n-oidhreacht seandálaíochta a chosaint, lena n-áirítear ceadúnú tochailtí seandálaíochta, trí chumhachtaí faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004 a fheidhmiú.
Nuair a bheartaíonn úinéir nó áititheoir maoine, nó aon duine eile aon obair a dhéanamh, nó a chur faoi deara, nó a cheadú aon obair a dhéanamh ag nó i ndáil le Séadchomhartha Taifeadta ceanglaítear orthu fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire. 2 mhí sula gcuirtear tús leis an obair sin.
Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2004 Foirmeacha SeandálaíochtaCad iad na scéimeanna maoinithe atá ar fáil chun tacú le tionscadail ar Oidhreacht Chultúrtha?
Ciste Séadchomharthaí Pobail
Arna riar ag an tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta. Déan teagmháil le d’oifigeach oidhreachta áitiúil le haghaidh sonraí.
Scéim Deontais Oidhreachta Pobail na Comhairle Oidhreachta
Ciste Gníomhaíochta Aeráide
Teagmhálaithe agus Acmhainní Úsáideacha
Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta
Ag Iniúchadh Logainmneacha Phort Láirge
Tionscadail
I measc na dTionscadail Oidhreachta Cultúrtha do 2023 tá críochnú suirbhé Geo-fhisiceach ar Shuíomh Lochlannach Choill na Coille, oibreacha caomhantais ag Séipéal an tSráidbhaile, Mainistir Molana, Eaglais na Mainistreach Duibh agus Teach Dromana.