Scipeáil chuig ábhar

Deimhnithe Rochtana Míchumais

I gcomhréir le hAirteagal 20D den Na Rialacháin um Rialú Foirgníochta 1997 go 2009 beidh cibé pleananna, (lena n-áirítear plean suímh nó leagan amach) agus cibé sonraí eile is gá chun:

  • na hoibreacha nó an foirgneamh lena mbaineann an t-iarratas a shainaithint agus cur síos a dhéanamh orthu,
  • a chumasú don údarás rialaithe foirgníochta a mheasúnú, cibé an gcomhlíonfadh na hoibreacha nó an foirgneamh sin, dá dtógfaí de réir na bpleananna agus na sonraí eile sin, ceanglais Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin Foirgníochta,
  • cineál agus méid na húsáide atá beartaithe a shainaithint agus, nuair is cuí, úsáid reatha an fhoirgnimh lena mbaineann.

Ní mór táille €800 a chur le gach foirm iarratais. Tabhair faoi deara go dteastaíonn foirm agus táille ar leith do gach foirgneamh. Athróidh a mhéid a bheidh pleananna, sonraí agus sonraíochtaí ag teastáil chun comhlíonadh Chuid M de na Rialacháin Foirgníochta a shuíomh i gcásanna aonair ag brath ar chineál, méid agus castacht an fhoirgnimh lena mbaineann ach is féidir an fhaisnéis thíos a úsáid mar threoir. Nuair is cuí, ba chóir gach plean agus faisnéis a liostaítear thíos a sholáthar.

  • Tuarascáil lánchuimsitheach a bhfuil sé ceaptha a bheith ag teacht le huimhreacha clásail Chuid M (curtha isteach i ndúblach)
  • Sraith de líníochtaí a chlúdaíonn gach réimse inrochtaineachta (curtha isteach i ndúblach)

Ba cheart na nithe seo a leanas a áireamh sna pleananna:

  • Pleananna urláir, líníochtaí trasghearrtha den fhoirgneamh agus líníochtaí de gach ingearchló. Cuir líníochtaí mionsonraithe eile san áireamh mar is cuí. (Ba cheart an pointe ó thuaidh a chur in iúl ar gach plean.)
  • Ba chóir pleananna, trasghearrtha, ingearchlónna nó líníochtaí eile a tharraingt ar scála cuí nach lú ná 1:100.
  • Plean de leagan amach an láithreáin ar scála nach lú ná 1:500 agus léarscáil de shuíomh an láithreáin nach lú ná 1:2500 nó 1:1000.
  • Suíomh gach pointe rochtana feithiclí agus coisithe, bealaí isteach agus bóithre chuig an suíomh. Lena n-áirítear bealaí fána agus céimnithe.
  • Gach bealach isteach chuig an bhfoirgneamh, ag cur béime ar an bpríomhbhealach isteach ar an suíomh.
  • Gach spás páirceála ar an láithreán lena n-áirítear limistéir tuirlingthe óna bhféadfaidh duine tuirlingt ó fheithicil.

Tá tuilleadh eolais agus comhairle ar fáil ó:
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, An Rannóg Rialaithe Foirgníochta, Stáisiún Dóiteáin Dhún Garbhán, Cill Rois, Dún Garbhán, Co.

Fón: 058 21146, Facs: 058 44149

Ríomhphost: tine@waterfordcouncil.ie


Doiciméid Treorach Teicniúla