Scipeáil chuig ábhar

Scéim Cóiríochta ar Cíos (RAS)

Tá an Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS) le haghaidh daoine atá ag fáil Forlíonadh Cíosa agus a bhfuil riachtanas fadtéarmach tithíochta acu nach féidir a mhaoiniú óna n-ioncam.

Ceisteanna Coitianta faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS).


Má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh tréimhse fada agus go bhfuil tithíocht fadtéarmach de dhíth ort, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS).

Cáileoidh tú don scéim má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh 18 mí ar a laghad agus má tá measúnú déanta ag an údarás áitiúil ort mar dhuine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach agat. Ní bhaineann RAS le hiarrthóirí tearmainn nó daoine nach náisiúnaigh iad nach bhfuil cead acu fanacht in Éirinn go buan.

Tabharfaidh RAS urrús tithíochta níos fadtéarmaí duit. Cinnteoidh RAS freisin gur leor cáilíocht agus caighdeán do chóiríochta príobháidí ar cíos. Murab ionann agus Forlíonadh Cíosa is féidir leat dul i mbun fostaíochta agus tú ar RAS. Má fhaigheann tú post, féadfaidh tú fanacht ar an scéim ach déanfar do chíos a athmheasúnú bunaithe ar d’ioncam nua.

Cáileoidh tú don scéim má tá Forlíonadh Cíosa á fháil agat ar feadh 18 mí ar a laghad agus má tá measúnú déanta ag an údarás áitiúil ort mar dhuine a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach agat. Ní bhaineann RAS le hiarrthóirí tearmainn nó daoine nach náisiúnaigh iad nach bhfuil cead acu fanacht in Éirinn go buan.

Má shásaíonn an chóiríocht ina bhfuil tú i do chónaí na caighdeáin do thithe ar cíos agus go bhfuil do thiarna talún sásta páirt a ghlacadh i RAS, beidh tú in ann fanacht sa chóiríocht atá agat faoi láthair. Caithfidh do chóiríocht reatha a bheith oiriúnach do do riachtanas tithíochta m.sh. líon na seomraí codlata. Má tá do chóiríocht faoi bhun caighdeáin agus/nó mura bhfuil do thiarna talún sásta dul i ngleic leis an scéim, moltar duit cóiríocht eile a fháil.

Mura bhfuil do chóiríocht feiliúnach do do riachtanas tithíochta moltar duit freisin lóistín eile a aimsiú. Tá tionóntachtaí maoinithe ag an Scéim um Chóiríocht ar Cíos á rialú ag An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004.

Le tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos, déan teagmháil le do thoil lenár nAonad um Chóiríocht ar Cíos ag 058-22007.