Scipeáil chuig ábhar

Díríonn an straitéis seo ar bhearta oiriúnaithe a chur i bhfeidhm, a chinntíonn go n-éireoidh pobail, agus an tsochaí ina hiomláine, athléimneach i gcoinne tionchair agus rioscaí an athraithe aeráide.

Feidhmíonn an straitéis oiriúnaithe údaráis áitiúil seo mar an phríomhionstraim ar leibhéal áitiúil chun:

  • A chinntiú go dtuigtear go cuí príomhrioscaí agus leochaileachtaí an athraithe aeráide.
  • Cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí atá athléimneach ó thaobh aeráide de a thabhairt ar aghaidh ar bhealach pleanáilte agus réamhghníomhach.
  • A chinntiú go ndéantar cúrsaí oiriúnaithe aeráide a phríomhshruthú isteach i ngach plean agus beartas agus go ndéantar iad a chomhtháthú in oibríochtaí agus feidhmeanna uile an ÚA.

Freastalaíonn an straitéis ar Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge ina príomh-inniúlachtaí, is iad sin:

  • Mar eagraíocht a bhfuil dualgas uirthi seirbhís do chustaiméirí, dírítear ar éifeachtacht i gcúrsaí gnó, ar éifeachtúlachtaí a fheabhsú agus ar leas na foirne a chothabháil.
  • I seachadadh seirbhísí agus feidhmeanna trasna limistéar riaracháin agus geografach chathair agus chontae Phort Láirge.
  • De réir fhorálacha an Achta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin, 2015 tá sé de cheangal ar chomhaltaí de chuid WCCC an straitéis oiriúnaithe seo a ghlacadh.
Straitéis Oiriúnaithe don Athrú Aeráide 2019-2024