Is tionscnamh rialtais é An Seomra do Dhaltaí – Scéim Tionóntachtaí Údaráis Áitiúil ina gceadaítear do thionóntaí údaráis áitiúil seomra nó seomraí ina dtithe a ligean amach do mhic léinn tríú leibhéal le cead roimh ré ón údarás áitiúil, mar an tiarna talún. Tar éis iarratas faofa, féadfaidh an Tionónta an seomra cuí a ligean ar cíos faoin gceadúnas ar feadh bliana acadúla an mhic léinn. Tá aon ioncam breise a fhaigheann tionónta údaráis áitiúil de bhun rannpháirtíochta sa scéim ináirithe chun an cíos a íocann siad leis an údarás áitiúil a ríomh.
Níl cead ag tionóntaí ligean do mhac léinn (ná d’aon duine eile) bogadh isteach ina dteach gan cead a fháil roimh ré ó Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.
Féach ar na naisc thíos le haghaidh eolas níos mionsonraithe ar an scéim, mar aon leis na foirmeacha iarratais ábhartha don Tionónta agus Mac Léinn. Má tá aon cheist agat maidir le Seomra do Mhic Léinn – Scéim Tionóntachtaí Údaráis Áitiúil, déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Tithíochta ar 051-849837.