Scipeáil chuig ábhar

Cathain a theastaíonn cead pleanála uaim?


Go ginearálta, teastaíonn cead pleanála uait le haghaidh aon fhorbairt talún nó réadmhaoine mura bhfuil an fhorbairt go sonrach díolmhaithe.

Áirítear le “forbairt” oibreacha a dhéanamh (tógáil, scartáil, athrú) ar thalamh nó foirgnimh, isteach ann, os cionn nó faoi agus athruithe ábhartha (.i. suntasach) a dhéanamh ar úsáid na talún nó na bhfoirgneamh. Má theipeann ort cead pleanála a fháil nuair a bhíonn sé ag teastáil féadfar pionóis a ghearradh (m.sh. fíneálacha suntasacha agus/nó fiú príosúnacht).


Is féidir iarratas a dhéanamh freisin líne – ba cheart d’úsáideoirí clárú agus iarratas a dhéanamh tríd an Tairseach rPhleanála.

Ar líne is féidir leat:

  • Iarratais Phleanála a dhéanamh agus a bhainistiú
  • Déan Aighneacht ar Iarratas Pleanála
  • Féach ar/Déan Aighneacht ar scéimeanna Chuid 8
Treoir um Chead Pleanála

Mar mhalairt air sin, is féidir le hiarratasóir 'Iarratas Pleanála Caighdeánach' comhlánaithe mar aon leis na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir agus an táille chuí a chur isteach chuig: An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Foirgneamh Menapia, An Meal, Port Láirge.

Foirm Iarratais Phleanála Chaighdeánach

Forbairtí Díolmhaithe


Ní theastaíonn cead pleanála d’fhorbairtí díolmhaithe.

Tá catagóirí forbartha díolmhaithe leagtha amach ar an leathanach seo agus sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2010.

Tagraíonn siad d'fhorbairtí beaga, mar shíntí beaga ar thithe agus mar sin de. Is é do freagracht a chinntiú go dtagann aon fhorbairt reatha nó pleanáilte faoi na tairseacha díolúine (méid, airde, srl). Má sháraíonn an fhorbairt ar leith na tairseacha atá liostaithe, teastaíonn cead pleanála don fhorbairt.

Cineálacha Cead Pleanála


Tá roinnt cineálacha cead pleanála ann, ag brath ar an méid atá beartaithe agat a thógáil.

Imlíníonn an chuid seo na cineálacha éagsúla.