Scipeáil chuig ábhar

Beartas Pleanála

Socraítear Beartas Pleanála ag pleananna forbartha Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge, pleananna ceantair áitiúil do cheantair aonair chomh maith le doiciméid eile atá le fáil anseo.

Doiciméid

Plean Forbartha Cathrach agus Contae Phort Láirge 2022-2028

Leagtar amach i bPlean Forbartha Chathair Phort Láirge 2022-2028 straitéis iomlán maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe limistéar feidhme Chathair agus Chontae Phort Láirge. Tagann an plean seo in ionad Phlean Forbartha Chathair Phort Láirge 2013-2019, Plean Forbartha Contae Phort Láirge 2011-2017 agus Plean Forbartha Bhaile Dhún Garbhán 2012-2018.

Plean Ceantair Áitiúil an Leasa Mhóir 2014-2020

Leagtar amach i bPlean Ceantar Áitiúil an Leasa Mhóir an straitéis iomlán maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair lena mbaineann, don tréimhse 2014-2020.

Plean Ceantair Áitiúil Phort Lách 2014-2020

Leagtar amach i bPlean Ceantair Áitiúil Phort Lách an straitéis iomlán maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir lena mbaineann, don tréimhse 2014-2020.

Plean Ceantair Áitiúil na Trá Móire 2014-2020

Leagtar amach i bPlean Ceantar Áitiúil na Trá Móire an straitéis fhoriomlán maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair lena mbaineann, don tréimhse 2014-2020.

Scéim Ranníocaíochta Forbartha Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge 2023-2029

Cuireann an Scéim Ranníocaíochta Forbartha (DCS) seo ar chumas an Údaráis Phleanála, agus cead pleanála á dheonú aige faoi Alt 34 den Acht, coinníollacha a chur san áireamh a éilíonn go n-íocfar ranníocaíocht airgeadais i leith bonneagair phoiblí agus áiseanna a théann chun tairbhe d’fhorbairt i limistéar an Údaráis Phleanála, agus a chuirtear ar fáil, nó a bheartaítear a sholáthar, ag an Údarás Áitiúil nó thar ceann an Údaráis Áitiúil, beag beann ar fhoinsí maoinithe eile don bhonneagar agus d’áiseanna.

Beartas maidir le Forbairtí Tithíochta Príobháideacha a Thógáil i gCúram